Cás-Staidéir Teorannú de réir Cuspóra
Próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta fostaí óna chuntas ríomhphoist príobháideach agus ó ríomhphoist phríobháideacha chun críocha araíonachta
Bhí beirt fostaithe ag eagraíocht a sholáthraíonn seirbhísí do bhunscoileanna. Nuair a shroich sé an obair lá amháin, chonaic duine aonair go raibh a chuntas ríomhphoist pearsanta ar oscailt ar ríomhaire comhroinnte. Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, foirceannadh fostaíocht an duine aonair sin de bhun imeachtaí araíonachta. Le linn na n-imeachtaí, taispeánadh don duine aonair cóipeanna clóite de roinnt ríomhphost óna chuntas ríomhphoist pearsanta féin. Briseadh an dara duine aonair as a phost freisin. Ba léir gur fhostaigh an eagraíocht tríú páirtí chun na himeachtaí araíonachta a láimhseáil agus gur tugadh cóip de ríomhphoist a sheol an bheirt aonair chuig a chéile don tríú páirtí sin.
Féach Tuilleadh EolaisPróiseáil Sonraí Catagóire Speisialta
Bhain an gearán seo le sonraí pearsanta (sa chás eolas mar gheall ar an gcineál fadhb sláinte a bhí ag an ngearánaí) a bheith próiseáilte ag a fhostóir, chun go bhféadfaí saoire bhreoiteachta agus íocaíochtaí a bhain leis a riar ar son an ghearánaí. Thar aon rud eile, chuir an gearánaí a chuid imní in iúl faoi gur roinn an rialaitheoir sonraí (an fostóir) a thaifead leighis, lena n-áirítear iad a bheith roinnte le baill foirne in oifig áitiúil an rialaitheora sonraí, áit ar oibrigh an gearánaí. Chuir an gearánaí oifigeach sinsearach san eagraíocht ar an eolas faoin imní a bhí air. Ba é dearcadh an oifigigh sinsearaigh, áfach, nach raibh roinnte ach a laghad agus a chaithfí a roinnt den eolas
Féach Tuilleadh EolaisÚsáid TCI san ionad oibre
Fuaireamar gearán maidir leis an úsáid a bhain an rialaitheoir sonraí as ceamaraí TCI in áitreabh oibre an ghearánaigh agus maidir leis an gcaoia breathnaíodh ar na píosaí scannáin TCI sin (ina raibh sonraí pearsanta an ghearánaigh, ina raibh, i measc nithe eile, íomhánna den ghearánach) d’fhonn monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an ghearánaigh le linn don ghearánach a bheith i mbun fostaíochta leis an rialaitheoir sonraí.
Féach Tuilleadh Eolais