Anaithnidiú agus ainm bréige a chur i bhfeidhm

Anaithnidiú agus ainm bréige a chur i bhfeidhm

Is éard atá i gceist le ‘ainm breige a chur i bfheidhm’ (mar a shainmhínítear in Airteagal 4(5) den GDPR) ná ainm bréige nó, i bhfocal eile, luach nach ligeann don duine aonair a aithint go díreach, a chur in ionad aon fhaisnéis a d’fhéadfaí úsáid chun duine aonair a aithint.

Sampla d’Ainm Bréige a Chur in bhFeidhm:

 

Ainm an Mhic Léinn

Uimhir an Mhic Léinn

Cúrsa Staidéir

Bunsonraí

Joe Smith

12345678

Stair

Sonraí le hainm breige curtha i bhfeidhm

Candidate 1

XXXXXXXX

Stair

 

D’fhéadfaí cuimhneamh go bhfuil sonraí ‘anaithnidithe’ nuair nach féidir daoine aonair a aithint a thuilleadh. Tá sé tábhachtach tabhairt faoi deara nach gá duine a ainmniú chun a bheith inaitheanta. Má tá faisnéis eile a chuireann ar a gcumas duine aonair a cheangal le sonraí faoi/fúithi, nach bhféadfadh baint le duine eile sa ghrúpa, d’fhéadfaí é/í a ‘aithint’ fós. Sa chomhthéacs seo, tá sé tábhachtach cuimhneamh cén ‘aitheantóirí’ (píosaí faisnéise a bhfuil gaol ghar acu le duine áirithe, a d’fhéadfaí iad a úsáid chun an duine aonair sin a phiocadh amach) atá san áireamh san fhaisnéis a choinnítear.

Má tá sonraí ‘anaithnidithe’ go hiomlán, ní thagann siad leis na critéir chun iad a shainmhíniú mar shonraí pearsanta agus mar sin ní thagann siad faoi réir na srianta atá ar phróiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR).

I gcás go ndearna anaithnid ar shonraí, ba chóir an bhunfhaisnéis a scriosadh go sábháilte chun cosc a chur leis an bpróiseas ‘anaithnidithe’ a mhalartú. Go hiondúil, mura ndéantar an scriosadh seo cuimhnítear nach bhfuil na sonraí ‘anaithnidithe’ ach gur ‘cuireadh ainm bréige i bhfeidhm’, agus meastar gur sonraí pearsanta iad fós.

Ní leagann dlí cosanta sonraí síos aon teicníc faoi leith chun ‘anaithnid’ a dhéanamh, mar sin, is faoi rialaitheoirí sonraí aonair é cinntiú go bhfuil aon phróiseas ‘anaithnidithe’ a roghnaíonn siad láidir go leor.

Féach ar ár nóta treorach ar ‘anaithnidiú’ agus ‘ainm bréige a chur i bhfeidhm’, le do thoil, le haghaidh tuilleadh faisnéise, lena n-áirítear rioscaí aitheanta agus samplaí de theicnící anaithnidithe.