Treoir ar Úsáid Drón

Is catagóir leathan aerárthaí ar mhéideanna éagsúla iad Dróin (Gnáthainm do Chórais Aerárthaí Gan Foireann (UAS)) atá cianrialaithe gan daoine ar bord, feistithe le teicneolaíocht chun íomhánna, físeáin, fuaimeanna a bhailiú agus/nó faisnéis eile a bhailiú (córas bailithe sonraí) agus iad a tharchur go dtí gléas cliste (mar shampla, go dtí néalstóráil). Cosúil le Ceamaraí Coirp (BWC) is féidir dróin a athrú nach mór ina gcóras faireachais soghluaiste agus tá baol mór ann go ngabhfaidh siad sonraí pearsanta daoine a bhíonn ag dul thar bráid (ábhair sonraí). Tá na treoirlínte seo curtha i dtoll a chéile d’oibritheoirí dróin chun críocha eile seachas críocha bainteach le dlí poiblí agus chun ceisteanna a fhreagairt ó thaobh ábhair sonraí de. Tá sonraí eile maidir le heitlíocht drón amhail ceanglais slándála, sábháilteachta agus deimhniúcháin lasmuigh de réim na dtreoirlínte seo go fóill.

 

Treoir ar Úsáid Drón - Treoirnóta iomlán