Seo í Katie O’Leary, Coimisinéir Cúnta sa Choimisiún um Chosaint Sonraí

A collage of pictures depicting technology and data uses, with a woman in the centre image. She is wearing a black suit and has long brown hair..

An Ról

Imríonn Anailísí Dlí príomhról i gceann de na rialálaithe cosanta sonraí is feiceálaí agus is gníomhaí san Eoraip, agus deiseanna ann chun rannchuidiú le hobair fhairsing an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) ar an leibhéal náisiúnta agus leis an ról ardiomrá uathúil atá aige i maoirseacht a dhéanamh ar eagraíochtaí idirnáisiúnta móra atá bunaithe in Éirinn. Is é atá i gceist leis an ról, atá coibhéiseach le ról an taighdeora dlí, ná taighde dlí agus anailís dlí a dhéanamh agus tacaíocht dlí a sholáthar ar fud raon leathan de ghníomhaíochtaí an Choimisiúin. Mar thoradh air sin, glacann Anailísithe Dlí páirt i raon éagsúil saincheisteanna substainteacha cosanta sonraí agus i nithe nua dlí agus rialála. 

 

Katie O'Leary

Chuaigh mé isteach sa Choimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) dhá bhliain ó shin, beagnach, mar Anailísí Dlí, agus táim i mo Choimisinéir Cúnta sa Choimisiún anois. Mealladh mé chun dul isteach sa Choimisiún toisc go bhfuil ról idirnáisiúnta suntasach aige, ag gníomhú dó mar phríomhrialálaí (nó mar “phríomhúdarás maoirseachta”) le haghaidh roinnt cuideachtaí ilnáisiúnta atá bunaithe san Aontas Eorpach. Sula ndeachaigh mé isteach sa Choimisiún, d’oibrigh mé mar aturnae le ceann de na gnólachtaí dlí is mó in Éirinn, áit ar thug mé comhairle maidir leis an dlí um príobháideacht agus leis an dlí um chosaint sonraí. Táim ag cothabháil mo cháilíochta gairmiúla le linn na tréimhse atáim ag obair sa Choimisiún. 

I mo ról mar Anailísí Dlí sa Choimisiún, d’oibrigh mé ar fhiosrúcháin intíre agus trasteorann ar mhórscála ar chuideachtaí teicneolaíochta ilnáisiúnta agus ar eagraíochtaí earnála poiblí. Chabhraigh mé le ról cinnteoireachta an Choimisinéara freisin trí thaighde agus dréachtú a dhéanamh ar chinntí maidir le cé acu a bhí nó nach raibh sárú ann ar an dlí um chosaint sonraí. Tugadh an deis dom sa ról úsáid a bhaint as scileanna éagsúla dlí, idir chinntí a dhréachtú, ionadaíocht a dhéanamh don Choimisiún ag comhdhálacha agus ag imeachtaí, agus obair i gcomhar le húdaráis rialála eile ar fud an Aontais Eorpaigh.

De bhreis ar obair spéisiúil dlí, baineann roinnt tairbhí eile leis an ról. Tá ag an gCoimisiún foireann chabhrach chairdiúil a chruthaíonn timpeallacht shármhaith san áit oibre. Tá tacaí éagsúla ar fáil don fhoireann, lena n-áirítear an tAonad Daoine agus Foghlama a dhéileálann le hacmhainní daonna agus oiliúint sa Choimisiún. Táim i mo bhall den Fhóram Rannpháirtíochta Fostaithe, a fhéachann le rannchuidiú le rannpháirtíocht fostaithe ar fud an Choimisiúin. Bíonn na bainisteoirí sinsearacha sa Choimisiún sásta aon cheisteanna atá ag baill foirne a fhreagairt. Mar státseirbhísigh, féadfaidh baill foirne cúnamh a lorg ón tSeirbhís Cúnaimh d’Fhostaithe agus leas a bhaint as dea-shochair maidir le pinsin agus le saoire bhliantúil.

Má tá tú ag lorg úsáid fhíorspéisiúil is féidir leat a bhaint as do scileanna dlí agus ag lorg na deise chun rannchuidiú le réimse den dlí a bhíonn ag forbairt go tapa, mholfainn go mór duit tabhairt faoi ról an Anailísí Dlí sa Choimisiún.