Seo é Seán Hurley, Dlíodóir Rialála Sinsearach sa Choimisiún um Chosaint Sonraí

A collage of pictures depicting technology and data uses, with a man in the centre image. He is wearing a white shirt, a brown suit jacket and he is smiling.

An Ról

Imríonn Anailísí Dlí príomhról i gceann de na rialálaithe cosanta sonraí is feiceálaí agus is gníomhaí san Eoraip, agus deiseanna ann chun rannchuidiú le hobair fhairsing an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) ar an leibhéal náisiúnta agus leis an ról ardiomrá uathúil atá aige i maoirseacht a dhéanamh ar eagraíochtaí idirnáisiúnta móra atá bunaithe in Éirinn. Is é atá i gceist leis an ról, atá coibhéiseach le ról an taighdeora dlí, ná taighde dlí agus anailís dlí a dhéanamh agus tacaíocht dlí a sholáthar ar fud raon leathan de ghníomhaíochtaí an Choimisiúin. Mar thoradh air sin, glacann Anailísithe Dlí páirt i raon éagsúil saincheisteanna substainteacha cosanta sonraí agus i nithe nua dlí agus rialála. 

 

Seán Hurley

Mholfainn go mór iarratas a dhéanamh ar phost mar Anailísí Dlí sa Choimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún).

Thosaigh mé ag obair mar Anailísí Dlí sa Choimisiún i mí Iúil 2021 san Aonad um Chinntí agus Cumhachtaí Ceartaitheacha. Mar Anailísí Dlí sa Choimisiún, bhí an deis agam obair ar dhul chun cinn a dhéanamh ar fhiosrúcháin intíre agus trasteorann ar mhórscála a bhaineann le heintitis shofaisticiúla.

Mar Anailísí Dlí, ba mhinic a dhéileáil mé le saincheisteanna nua dlí atá ar thús cadhnaíochta sa dlí Eorpach um chosaint sonraí. Is áit iontach le hobair ann é an Coimisiún, i bhfianaise a róil ar thús cadhnaíochta i bpríomhdhlí na hEorpa um chosaint sonraí a fhorghníomhú, mar atá an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Ag breathnú siar dom ar an tréimhse a chaith mé ag obair mar Anailísí Dlí, ceann de na tairbhí a ghnóthaigh mé ón ról ba ea saineolas cuimsitheach a fháil ar conas a oibríonn dlí an Aontais Eorpaigh agus an dlí riaracháin dáiríre.

Ghnóthaigh mé taithí ar chaidreamh a dhéanamh le geallsealbhóirí seachtracha freisin le linn mo thréimhse mar Anailísí Dlí. Tugann an Coimisiún spreagadh d’Anailísithe Dlí a n-ainm a chur ar aghaidh chun páirt a ghlacadh in imeachtaí seachtracha cainte. Bhí deis agam ionadaíocht a dhéanamh don oifig ag roinnt imeachtaí feiceálacha agus caidreamh a dhéanamh le roinnt de na príomhdhéantóirí beartais agus na príomhshaineolaithe i réimse an dlí um chosaint sonraí.

Tugann an Coimisiún deiseanna sármhaithe forbartha gairmiúla leanúnaí. Le linn mo thréimhse mar Anailísí Dlí, chuir mé an chéim Abhcóide in Óstaí an Rí i gcrích agus thug an Coimisiún tacaíocht dom tríd an scéim aisíoca táillí agus trí shaoire fhlaithiúil staidéir a thairiscint.

Ag teacht sna sála ar an gcúrsa a chur i gcrích i mí Iúil 2022, tugadh ardú céime dom chuig post an Dlíodóra Rialála Shinsearaigh sa Choimisiún.

Ar an iomlán, mholfainn go mór iarratas a dhéanamh ar ról mar Anailísí Dlí sa Choimisiún. Tá deiseanna sármhaithe dul chun cinn ag gabháil leis agus cúitítear fiúntas i gcónaí.