Seo é Paul McDonagh-Forde, Dlíodóir Rialála Sinsearach sa Choimisiún um Chosaint Sonraí

A collage of pictures depicting technology and data uses, with the DPC logo in the centre image.  The logo is a bright green triskele on a white background

An Ról

Imríonn Anailísí Dlí príomhról i gceann de na rialálaithe cosanta sonraí is feiceálaí agus is gníomhaí san Eoraip, agus deiseanna ann chun rannchuidiú le hobair fhairsing an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) ar an leibhéal náisiúnta agus leis an ról ardiomrá uathúil atá aige i maoirseacht a dhéanamh ar eagraíochtaí idirnáisiúnta móra atá bunaithe in Éirinn. Is é atá i gceist leis an ról, atá coibhéiseach le ról an taighdeora dlí, ná taighde dlí agus anailís dlí a dhéanamh agus tacaíocht dlí a sholáthar ar fud raon leathan de ghníomhaíochtaí an Choimisiúin. Mar thoradh air sin, glacann Anailísithe Dlí páirt i raon éagsúil saincheisteanna substainteacha cosanta sonraí agus i nithe nua dlí agus rialála. 

 

Paul McDonagh-Forde

Chuaigh mé isteach sa Choimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) i mí Mheán Fómhair 2019. Thosaigh mé i ról an Anailísí Dlí, rud a chuir ar mo chumas obair ar shaincheisteanna ríspéisiúla ilchineálacha dlí a thagann chun cinn don eagraíocht, ar shaincheisteanna nua iad go minic. Go háirithe, d’oibrigh mé ar shaincheisteanna a bhaineann le rialáil cuideachtaí teicneolaíochta, bhí teagmháil thráthrialta agam le comhghleacaithe ó rialálaithe coibhéiseacha ó áiteanna ar fud an Aontais Eorpaigh, agus bhí an deis agam taisteal thar lear le haghaidh oibre chun freastal ar chomhdháil mhór. Mar thoradh air sin, tugadh deis dom páirt a ghlacadh in obair uathúil a bhí iontach ina lán cásanna.

Is eispéireas ríluachmar é obair don údarás cosanta sonraí is gníomhaí agus is feiceálaí san Eoraip. Tugtar an deis obair ar thionscadail spéisiúla, ilchineálacha agus uathúla ar bhonn tráthrialta. Is é mo thaithí féin go mbíonn an Coimisiún tiomanta dá fhoireann maidir le sochair agus le tacaí agus maidir le deiseanna ardaithe céime. Ó mo thaobh féin de, measaim go dtacaíonn an Coimisiún lena fhoireann, go háirithe maidir le hoiliúint a sholáthar, lena n-áirítear a scéim aisíoca táillí le haghaidh cúrsaí agus cáilíochtaí breise, agus trína thuiscint ar a thábhachtaí a bhíonn cothromaíocht oibre is saoil. Agus an méid sin fíor i m’eispéireas féin, chonaic mé freisin go bhfuil sé chomh fíor céanna i ndáil le baill foirne ar gach leibhéal san eagraíocht.

Rud a thaitin liom go háirithe ba ea gur féidir le saincheist nua nó léargas nua ar shaincheist a breithníodh roimhe seo teacht chun cinn gach lá nuair atáthar ag obair mar Anailísí Dlí leis an gCoimisiún. Is de bharr na héagsúlachta sin a bhíonn an obair spéisiúil agus spreagúil. Spreagadh mé chun fanacht leis an eagraíocht de bharr an eispéiris dhearfaigh a bhí agam leis an gCoimisiún. Áiríodh leis sin tréimhse ina raibh mé ag déanamh staidéar páirtaimseartha ag an deireadh seachtaine chun cáiliú mar abhcóide, rud ar bhain mé leas as an scéim aisíoca táillí ina leith. Ag teacht sna sála ar ardú céime, táim ag obair anois mar Dhlíodóir Rialála Sinsearach in aonad dlí an Choimisiúin. Mholfainn go mór d’aon duine iarratas a dhéanamh ar an ról mar Anailísí Dlí leis an gCoimisiún.