Téann na Coimisinéirí nua Cosanta Sonraí i mbun a ról nua

20th Mí Feabhra 2024

Thosaigh an Dr Des Hogan agus an tUas. Dale Sunderland a róil mar Choimisinéirí le Coimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí inniu. Beidh an Dr Hogan ina Chathaoirleach ar an gCoimisiún. D’fhógair an Rialtas an dá cheapachán an tseachtain seo caite, agus na Coimisinéirí á gceapadh ar feadh téarma cúig bliana.

An Dr Hogan: “Tá lúcháir orm dul i mbun an phoist mar Choimisinéir Cosanta Sonraí agus mar Chathaoirleach, ag teacht sna sála ar an gcinneadh ón Rialtas beirt Choimisinéirí a cheapadh agus ar an gceapachán foirmiúil a rinne an tAire Dlí agus Cirt. Is mór an onóir dom dul i bpáirt leis an gCoimisiún agus lena fhoireann dhíograiseach chun freastal ar mhuintir na hÉireann agus chun obair i gcomhpháirt lenár gcomhghleacaithe Eorpacha ar mhaithe le cearta cosanta sonraí a choimirciú. Féachfaidh an Coimisiún le cur lena oidhreacht láidir sna blianta atá romhainn agus táim ag tnúth le hobair i gcomhar leis an líon mór geallsealbhóirí atá aige.” 

An tUas. Sunderland: “Is mór an phribhléid dom gur ceapadh mé mar Choimisinéir Cosanta Sonraí. Táim ag tnúth le hobair go dlúth le Des Hogan, an Coimisinéir eile, le foireann chumasach dhíograiseach an Choimisiúin, lenár gcomhghleacaithe in údaráis chosanta sonraí san Eoraip agus leis an mórphobal cosanta sonraí agus rialála príobháideachta ar fud an domhain. Leanfaimid le seasamh le cearta cosanta sonraí trí threoir, trí chaidreamh, agus trí mhaoirseacht éifeachtach chothrom agus forfheidhmiú éifeachtach cothrom a dhéanamh ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus ar dhlíthe eile cosanta sonraí.”

Thug an Dr Hogan ómós do Helen Dixon freisin, an Coimisinéir atá ag dul as oifig agus ar tháinig a tionacht chun deiridh inné tar éis di beagnach 10 mbliana a chaitheamh san oifig. Táim an-bhuíoch den Choimisinéir Dixon, an Coimisinéir roimhe, as a sárdhíograis agus a seirbhís phoiblí le linn a tionachta. Féachfaidh an Coimisiún le cur leis an oidhreacht a d’fhág sí ina diaidh.”