Scéim Teanga – Iarratas le haghaidh aighneachtaí

17th Mí Lúnasa 2020

Tá an Coimisinéir um Chosaint Sonraí ag ullmhú Scéim nua Teanga de réir Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (is féidir an scéim reatha a fheiceáil ar ár láithreán gréasáin, www.cosantasonrai.ie).

Tá an Coimisinéir um Chosaint Sonraí ag lorg aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara ar leasuithe ba mhaith leo a mholadh leis an scéim reatha. Ba chóir nach rachadh na haighneachtaí thar 4,000 focal (c. 8 leathanach) agus ba chóir iad a chur isteach trí ríomhphost chuig customerservice@dataprotection.ie le líne an ábhair “Aighneacht maidir leis an Dréacht-Scéim Teanga – 2020”. D’fhéadfadh go bhfoilseofaí na haighneachtaí a fhaightear ar láithreán gréasáin an DPC.

Is é an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí ná 5.00 i.n., 4 Meán Fómhair 2020.