Ionad Ilfhreastail (OSS)

Próiseáil trasteorann agus an t-ionad ilfhreastail

D’eagraíochtaí

Soláthraíonn an GDPR meicníocht nua, an t-aonad ilfhreastail (OSS) d'eagraíochtaí atá bunaithe san Aontas Eorpach agus atá i mbun próiseála trasteorann sonraí pearsanta. Beidh sé i bhfeidhm ón 25 Bealtaine 2018. Léigh an treoir seo chun tuilleadh eolais a fháil faoin OSS, agus ar an gcaoi a mbainfidh sé le d'eagraíocht.

Príomhphointí

  • Cuirfidh an OSS ar chumas do d'eagraíochta déileáil le ceannúdarás maoirseachta amháin (LSA) don chuid is mó de do chuid gníomhaíochtaí próiseála.
  • Ionas go mbainfidh OSS le d'eagraíocht, caithfear é a bheith lonnaithe san AE agus a bheith i mbun bpróiseáil trasteorann.
  • Má tá d'eagraíocht lonnaithe san AE agus má tá sí i mbun phróiseáil trasteorann, ba cheart duit suíomh do cheanncheathrún a chinneadh.
  • Is é údarás maoirseachta an Bhallstáit AE ina bhfuil do cheanncheathrú lonnaithe an ceannúdarás maoirseachta (LSA) maidir le gníomhaíochtaí próiseála na heagraíochta.
  • Tá treoirlínte ar fáil ó Mheitheal Oibre Airteagal 29 an AE chun cabhrú leat do LSA a aithint (tá tuilleadh eolais thíosluaite).

Maidir le próiseáil trasteorann

Sainmhíníonn an GDPR próiseáil trasteorann mar:

  • Próiseáil sonraí pearsanta a tharlaíonn i gcomhthéacs gníomhaíochtaí eagraíochta i níos mó ná Ballstát amháin i gcás go bhfuil an eagraíocht sin bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin,

  • Próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar san Aontas a dhéantar i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochta aonair de chuid rialaitheora nó próiseálaí san Aontas ach a bhfuil éifeacht shubstainteach ag an bpróiseáil sin ar ábhair sonraí i níos mó ná Ballstát amháin nó gur dóchúil go mbeidh éifeacht shubstainteach aici orthu.

Braithfidh cad a chiallaíonn ‘éifeacht shubstaintiúil’ ar chineál na ngníomhaíochtaí próiseála a bhfuil d’eagraíocht ina mbun. Más gá, cinnfidh do LSA ar cad is brí le héifeacht shubstaintiúil ar bhonn cás ar chás.

Caithfidh tú bheith i mbun próiseáil trasteorann mar a thuairiscítear thuas chun go mbainfidh an OSS le d'eagraíocht. Mura bhfuil an eagraíocht i mbun próiseáil trasteorann, ní bheidh feidhm ag OSS.

Nuair a dheimhníonn tú go bhfuil d'eagraíocht i mbun próiseáil trasteorann, is é an chéad chéim eile ná suíomh do cheanncheathrú a chinneadh.

Cá bhfuil suíomh mo cheanncheathrún?

Braithfidh an próiseas a leanfaidh tú chun do cheanncheathrú a chinneadh ar chibé an rialaitheoir sonraí nó an próiseálaí sonraí í d’eagraíocht.

Tá rialaitheoir sonraí sainmhínithe mar:

  • Eagraíocht a chinneann, ina haonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna phróiseáil na sonraí pearsanta.

Tá próiseálaí sonraí sainmhínithe mar:

  • Eagraíocht a phróiseálann sonraí pearsanta ar son rialaitheora sonraí.

Is é an príomhrud atá le déanamh chun do cheanncheathrú a chinneadh más rialaitheoir sonraí tú ná cén ceann de bhunaíochtaí na heagraíochta a bhfuil an chumhacht aici cinntí a dhéanamh maidir leis na críocha agus na modhanna a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta. D'fhéadfadh gurb é seo do lárionad riaracháin san AE, ach má ghlacann d'eagraíocht na cinntí seo ag bunaíocht eile agus go bhfuil sé de chumhacht ag an mbunaíocht sin na cinntí a chur i bhfeidhm, ansin is í an bhunaíocht eile a bheidh mar cheanncheathrú agat.

Más próiseálaí sonraí tú, is é do cheanncheathrú ná suíomh do lárionad riaracháin lárnach san AE mura bhfuil aon riarachán lárnach ag an eagraíocht san AE. Más é seo an cás, is é suíomh phríomhghníomhaíochtaí próiseála na heagraíochta do cheanncheathrú.

Más comhrialaithóir d'eagraíocht i gcomhpháirt le heagraíochta(í) eile, ba cheart duit a aithint cé acu as na comhrialaitheoirí a bhfuil sé de chumhacht acu cinntí a ghlacadh agus iad a chur i bhfeidhm maidir leis na críocha agus na modhanna próiseála. Is é an bhunaíocht sin ceanncheathrú an chomhrialaitheora.

Más cuid de chomhfhiontair í d’eagraíocht, is í príomhbhunáit an ghrúpa ná an bhunáit ina bhfuil an t-eintiteas a rialaíonn an grúpa agus a dhéanann cinntí ar son an ghrúpa maidir le críocha agus modhanna phróiseála an ghrúpa lonnaithe.

 
Má bhíonn d’eagraíocht i mbun roinnt gníomhaíochtaí próiseála trasteorann, d’fhéadfadh go mbeadh níos mó ná ceanncheathrú amháin agat. Níor cheart duit glacadh leis go roinnfidh gach ceann de ghníomhaíochtaí trasteorann d’eagraíochta an cheanncheathrú céanna..

Tarlóidh sé seo i gcás go ndéantar cinntí ar chríocha agus ar mhodhanna gníomhaíocht próiseála i gcomhthéacs bunáite amháin agus go ndéantar cinntí ar ghníomhaíocht phróiseála difriúil i gcomhthéacs bunáite faoi leith eile.

An ceannúdarás maoirseachta

Is é an t-údarás maoirseachta a ghníomhaíonn mar LSA i do chás ná údarás maoirseachta an Bhallstáit ina bhfuil phríomhbhunaíocht/ceanncheathrú d’eagraíochta lonnaithe. Is í príomhfhreagracht ar do LSA ná déileáil le gníomhaíochtaí próiseála na heagraíochta agus is é sin an t-údarás maoirseachta a dhéileálfaidh d’ eagraíocht léi maidir le próiseáil trasteorann i bhformhór na gcásanna.

Ciallaíonn próiseáil trasteorann d’eagraíochta go mbeidh baint ag údaráis mhaoirseachta eile seachas do LSA féin le do ghníomhaíochtaí próiseála freisin. Beidh baint ag údaráis mhaoirseachta, ar a dtugtar údaráis mhaoirseachta lena mbaineann sa chomhthéacs seo (CSAanna), le gníomhaíochtaí próiseála na heagraíochta ina bhfuil aon cheann de na nithe seo a leanas infheidhme:

  • Tá d’eagraíocht bunaithe i mBallstát an údaráis mhaoirseachta sin,
  • Is dócha go mbeidh éifeacht shuntasach ag gníomhaíochtaí próiseála d’eagraíochta nó gur dóchúil go mbeidh éifeacht shubstainteach ag an bpróiseáil ar ábhair sonraí atá ina gcónaí i mBallstát an údaráis mhaoirseachta sin,
  • I gcás go ndearnadh gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta sin.

I gcás go gcaithfidh do LSA imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí próiseála trasteorann d’eagraíochta, déanfaidh sé sin de réir nósanna imeachta comhair agus comhsheasmhachta an GDPR. In imscrúduithe den sórt sin, oibreoidh do LSA go dlúth leis na CSAanna ábhartha de réir mar is cuí.

I bhformhór na gcásanna, ní bheidh ort ach déileáil le do LSA féin. Mar sin féin, in imthosca áirithe, beidh CSA agus ní bheidh do LSA inniúil cás a láimhseáil maidir le gníomhaíochtaí próiseála na heagraíochta. Féadfaidh CSA iarratas a dhéanamh cás a láimhseáil i gcás go mbaineann an t-ábhar le:

  • Bunáit d’eagraíochta i mBallstáit an CSA amháin,
    nó;
  • Le héifeacht shuntasach ar ábhair sonraí.

Má tá tuairimí éagsúla ag CSAanna maidir do phríomhbhunaíocht/cheanncheathrú, tá sé oscailte dóibh é a cheistiú agus a atreorú chuig an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, a dhéanfaidh cinneadh ceangailteach maidir le suíomh phríomhbhunaíochta/cheanncheathrú d’eagraíochta.

Tuilleadh eolais

D'eisigh Meitheal Oibre Airteagal 29 treoirlínte a chabhródh le d'eagraíocht suíomh do phríomhbhunaíochta a aithint agus dá bhrí sin cén LSA ata agat. Is féidir na treoirlínte seo a fháil ar láithrean gréasáin an Mheithil Oibre: http://ec.europa.eu/newsroom/document.cfm?doc_id=44102