Foilsíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí an Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2022

07th Mí Márta 2023

Rinne Helen Dixon, an Coimisinéir Cosanta Sonraí, an Tuarascáil Bhliantúil ó Choimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí don bhliain 2022 a sheoladh inniu.

Áirítear na nithe seo leis na príomhnithe is díol spéise sa Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2022:

  • Chuir an Coimisiún 17 bhfiosrúchán Mórscála i gcrích, agus fíneálacha riaracháin arbh fhiú breis agus €1 billiún iad agus iomarduithe agus orduithe comhlíonta éagsúla á bhforchur aige.
  • Ina theannta sin, amhail an 31 Nollaig 2022, bhí 4 dhréachtchinneadh ón gCoimisiún i bhfiosrúcháin Mhórscála ina n-ábhar do phróiseas comhchinnteoireachta an Aontais Eorpaigh (Airteagal 60 GDPR) agus bhí cinneadh amháin ina ábhar do shásra an Aontais um réiteach díospóide (Airteagal 65 GDPR). Iarradh ar na páirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh ar dhréachtchinneadh, ar ráiteas maidir le saincheisteanna nó ar thuarascáil fiosrúcháin i leith 9 bhfiosrúchán mórscála eile ón gCoimisiún.
  • Phróiseáil an Coimisiún 9,370 cás nua (6,660 ceist agus 2,710 ngearán) ó dhaoine aonair sa bhliain 2022.
  • Chuir an Coimisiún 10,008 gcás (6,875 cheist agus 3,133 ghearán) i gcrích, lenar áiríodh 1,920 gearán a fuarthas roimh an mbliain 2022.
  • Fuair an Coimisiún 125 ghearán bhailí trasteorann (mar Phríomhúdarás Maoirseachta) agus chuir sé 246 ghearán trasteorann i gcrích.
  • B’ionann agus 5,828 bhfógra an líon iomlán fógraí faoi sháruithe a fuarthas sa bhliain 2022.
  • D’éirigh leis an gCoimisiún 7 dtionscadal sceidealaithe ardáin Idirlín a bhfuil impleachtaí acu do chearta agus saoirsí daoine aonair a chur siar nó a leasú.
  • I mí na Samhna 2022, deimhníodh i gCúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath na cinntí a rinne an Coimisiún chun fíneálacha riaracháin a fhorchur. Bhí na fíneálacha sin sa raon idir €1,500 agus €17 milliún. Bailíodh gach ceann de na fíneálacha sin agus aistríodh iad chuig an státchiste lárnach in Éirinn.
  • Cuireadh 207 n-imscrúdú margaíochta dírí leictreonaí i gcrích sa bhliain 2022, agus ionchúisíodh dhá chuideachta teileachumarsáide go rathúil i leith 4 chúiseamh ar leith a bhain le cumarsáidí margaíochta gan iarraidh a sheoladh gan toiliú.
  • D’éirigh an Coimisiún ina chomhalta bunaidh den chéad Ghrúpa Rialálaithe Digiteacha de chuid na hÉireann riamh, chun cabhrú le cumarsáid leis an Rialtas a chomhtháthú agus le comhleanúnachas rialála a bhrú chun cinn in oirchill na n-athruithe reachtacha atá le teacht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
  • Tháirg an Coimisiún 7 bpíosa treorach nua substaintiúla, lenar áiríodh 3 threoir ghearra do leanaí ar a gcearta cosanta sonraí, agus nuashonraigh sé 11 phíosa treorach a bhí ann cheana.

Dúirt Helen Dixon, an Coimisinéir Cosanta Sonraí:

“Bhí aschur suntasach ón gCoimisiún ann sa bhliain 2022 agus é ag iarraidh comhlíonadh GDPR a bhrú chun cinn agus cearta na ndaoine in Éirinn agus ar fud an Aontais Eorpaigh a chosaint. Cé go dtugann an Coimisiún spreagadh agus treoir d’eagraíochtaí chun na caighdeáin is airde chosanta a bhaint amach agus sonraí pearsanta á bpróiseáil acu, léirigh an Coimisiún freisin nach bhfuil aon leisce air an dlí a fhorfheidhmiú agus smachtbhannaí a chur i bhfeidhm i gcás go bhfuil údar leo. Maidir leis na fíneálacha a eisíodh ar fud na hEorpa anuraidh, lenar áiríodh an tAontas Eorpach, an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus an Ríocht Aontaithe, ba é an Coimisiún a d’eisigh dhá thrian díobh de bhun imscrúduithe mionsonraithe cuimsitheacha. Is fíoras é sin lena leagtar béim ar ról mórthomhais agus feidhmíocht shármhaith na heagraíochta sna heintitis sin atá ciontach i neamhchomhlíonadh a thabhairt chun cuntais go héifeachtach.”

Tuarascáil Bhliantúil 2022 an Choimisiúin um Chosaint Sonraí ar fáil anois.

 

 

Aistrítear Achoimre Fheidhmeach na Tuarascála Bliantúla don bhliain 2022 go ceithre theanga eile

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí an Tuarascáil Bhliantúil uaidh don bhliain 2022 an 7 Márta 2023. Tá Achoimre Fheidhmeach na tuarascála ar fáil i bhFraincis, i nGearmáinis, in Iodáilis agus i Spáinnis anois.