Seolann an Coimisiún um Chosaint Sonraí fiosrúchán ar Twitter maidir le tacair sonraí
23rd Mí na Nollag 2022
Sheol an Coimisiún um Chosaint Sonraí (‘an Coimisiún’) fiosrúchán dá dheoin féin inniu de bhun alt 110 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018 (‘an tAcht’), i ndáil le roinnt tuairiscí sna meáin idirnáisiúnta inar léiríodh gur cuireadh ceann amháin nó níos mó de thacair sonraí thiomsaithe de shonraí pearsanta úsáideoirí Twitter ar fáil ar an Idirlíon.
...