Rialacha le haghaidh margaíocht leictreonach agus dhíreach

Thíos tá achoimre ar na rialacha a bhaineann le margaíocht dhíreach leictreonach. Chun treoir níos mionsonraithe a thabhairt maidir le margaíochta dhíreach agus toiliú, rinne an DPC Ceisteanna a Chuirtear go Minic maidir le Toiliú i dTaobh Margaíocht Dhíreach Leictreonach.

Cad is margaíocht dhíreach ann?

Is é atá i gceist le margaíocht dhíreach ná cásanna ina bhfuiltear ag spriocdhíriú ar dhuine mar dhuine aonair agus mar a bhfuil an margóir ag iarraidh táirge nó seirbhís a chur chun cinn nó ag iarraidh áitiú ar an duine faisnéis bhreise a iarraidh faoi tháirge nó faoi sheirbhís. Ní chumhdaítear post nach bhfuil ainm ná seoladh air agus a fhaightear sa bhaile leis an reachtaíocht um chosaint sonraí mar nach n-úsáidtear aon sonraí pearsanta ann. Ní áirítear leis an sainmhíniú ar mhargaíocht dhíreach ach oiread suirbhéanna margaidh ina lorgaítear do thuairimí ar nithe polaitíochta, mar shampla, nó ina lorgaítear na sainroghanna pearsanta atá ag éisteoirí raidió.

Riail ghinearálta

Is é an riail ghinearálta le haghaidh margaíocht dhíreach leictreonach ná nach mór toiliú dearfach a fháil ón bhfaighteoir ina leith (amhail trí roghnú go sonrach an mhargaíocht a fháil) faoi Rialachán 13 de na Rialacháin maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach (I.R. Uimh. 336/2011). Fiú i gcás go bhfuil toiliú ó ábhar sonraí faighte ag margóir díreach, féadfaidh an t-ábhar sonraí an toiliú sin a tharraingt siar agus is amhlaidh, i ngach cás margaíochta dírí, go bhfuil sé de cheart ag an ábhar sonraí, faoi Airteagal 21 den Rialachán Ginearálta, chun agóid a dhéanamh ag am ar bith i gcoinne úsáid a s(h)onraí pearsanta chun críocha na margaíochta sin, lena n-áirítear próifíliú a bhaineann le margaíocht dhíreach den chineál sin. Ní mór an ceart chun agóid a dhéanamh a chur in iúl go follasach don ábhar sonraí agus ní mór é a chur i láthair go soiléir agus ar leithligh ó aon fhaisnéis eile.

De bhreis air sin, is féidir go mbeidh miondíoltóirí agus soláthraithe seirbhíse in ann dul i muinín Rialachán 13(11) de na Rialacháin maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach i gcásanna áirithe. Foráiltear leis an Rialachán sin do mhargaíocht dhíreach i dtaca le táirge nó seirbhís a dhíol, i gcás go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, ach nach gceanglaítear leis go sonrach go bhfaightear toiliú dearfach. Is iad seo na coinníollacha nach mór do mhiondíoltóirí agus do sholáthraithe seirbhíse a chomhlíonadh chun leas a bhaint as Rialachán 13(11):

  1. Tá an táirge nó an tseirbhís atá á mhargú nó á margú ina tháirge nó ina seirbhís de do chuid féin;
  2. Tá an táirge nó an tseirbhís atá á mhargú nó á margú agat de chineál atá cosúil leis an táirge nó an tseirbhís a dhíol tú leis an gcustaiméir ag an am a fuair tú a s(h)onraí teagmhála;
  3. Ag an am a bhailigh tú na sonraí, thug tú an deis don chustaiméir agóid a dhéanamh go réidh agus saor in aisce i gcoinne úsáid na sonraí chun críocha margaíochta;
  4. Gach uair a sheolann tú teachtaireacht margaíochta, tugann tú an ceart don chustaiméir chun agóid a dhéanamh i gcoinne teachtaireachtaí amach anseo a fháil; agus
  5. Tharla díol an táirge nó na seirbhíse tráth nach mó ná dhá mhí dhéag sular seoladh an chumarsáid margaíochta leictreonaí nó, i gcás inarb infheidhme, úsáideadh na sonraí teagmhála le haghaidh cumarsáid margaíochta leictreonaí a sheoladh sa tréimhse dhá mhí dhéag sin.

Dá bhrí sin, ba cheart, sna cásanna sin, modh ‘scar-rogha’ ó ábhar margaíochta a fháil a thabhairt do chustaiméirí ag an am a bhailítear a sonraí teagmhála. Is féidir é sin a dhéanamh trí thicbhosca ‘scar-rogha’ a thaispeáint in áit fheiceálach in aice an réimse le haghaidh shonraí teagmhála an chustaiméara. Ba cheart aird an chustaiméara a tharraingt ar an mbosca ‘scar-rogha’ margaíochta sin trí é a chur in áit fheiceálach ar an bhfoirm bailithe sonraí agus ba cheart é a thaispeáint ar leithligh ó théarmaí agus coinníollacha a bhféadfadh go mbeadh feidhm acu maidir le ceannach an táirge nó na seirbhíse. Chomh maith leis sin, ba cheart deis éasca a thabhairt don chustaiméir, gach uair a dhéantar teagmháil leis nó léi chun críocha margaíochta, a roghnú nár mhaith leis nó léi cumarsáidí breise margaíochta a fháil.
 

Cad is cumarsáid neamhiarrtha ann?

Go bunúsach, is ní nár lorgaíodh nó nár iarradh í cumarsáid neamhiarrtha. Más rud é go bhfuil caidreamh leanúnach agat le duine nó go raibh teagmháil agat leis an duine sin le déanaí, is féidir nach measfar teagmháil ón duine sin a bheith neamhiarrtha mar go bhféadfadh go mbeadh cineál éigin toilithe ann. De bhreis air sin, i gcás gur chuir tú sonraí teagmhála ar fáil go deonach le linn suirbhéanna stíl mhaireachtála a chomhlánú nó le linn promóisin a iontráil, d’fhéadfadh gurbh amhlaidh, i gcás sonraí den sórt sin, go mbeadh toiliú ceangailte lena n-úsáid amach anseo agus d’fhéadfadh nach measfaí teagmháil ina dhiaidh sin a bheith neamhiarrtha, ag brath ar an méid a bhí ar eolas agat nuair a chuir tú ar fáil iad.

An bhféadfar spriocdhíriú ar m’fhón póca le haghaidh glaonna margaíochta ar an bhfón?

Faoi na Rialacháin maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach (I.R. Uimh. 336 de 2011), tá toirmeasc ar ghlaonna margaíochta a thabhairt ar fhóin phóca mura rud é: (i) gur chuir an síntiúsóir nó an t-úsáideoir in iúl don ghlaoiteoir go dtoilíonn sé nó sí le glaonna den sórt sin a fháil ar a fhón póca nó a fón póca, nó (ii) gur thoiligh an síntiúsóir nó an t-úsáideoir go ginearálta le glaonna margaíochta a fháil agus go dtaifeadtar i mBunachar Sonraí an Eolaire Náisiúnta an toiliú sin le glaonna margaíochta a fháil i leith a uimhreach fón póca nó a huimhreach fón póca.

An bhfuil bealaí ann le stop a chur le teagmhálacha margaíochta neamhiarrtha?

Féadfar stop a chur le post margaíochta dírí neamhiarrtha trí scar-rogha ó na teagmhálacha sin a sheoladh ar ais chuig an seoltóir. Ba cheart modh chun déanamh amhlaidh a bheith curtha ar fáil sa chumarsáid a fuarthas. Ní mór aird a thabhairt ar do shainroghanna pearsanta. Má bhíonn údair imní agat faoi cén áit a bhfuarthas an fhaisnéis fút, ba cheart duit iarraidh ar an gcuideachta lena mbaineann míniúchán a thabhairt. I gcás go bhfuil tú míshásta leis an toradh, déan teagmháil leis an oifig seo chun tuilleadh comhairle a fháil.