An Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí

Treoir maidir le hÚdaráis Inniúla agus Raon Feidhme

Cad is an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí ann?

Is é is an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí (an Treoir) ann ná píosa reachtaíochta Aontais Eorpaigh atá comhthreomhar leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR), rud a bhfuil éifeacht aige ó mhí na Bealtaine 2018 i leith freisin. Mar a thugtar le fios lena hainm, déileálann an Treoir leis an bpróiseáil sonraí pearsanta ag rialaitheoirí sonraí ‘chun críocha fhorfheidhmiú an dlí’ – ar críocha iad a thagann lasmuigh de raon feidhme an GDPR.

Is Treoir í an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí agus ní Rialachán í. Fágann sé sin nach mór í a thrasuí i ndlí intíre na hÉireann chun go mbeidh éifeacht aici. Baintear an trasuí sin amach tríd an Acht um Chosaint Sonraí, 2018 (‘an tAcht’), agus go háirithe trí ‘Cuid 5 – Próiseáil Sonraí Pearsanta chun Críocha Fhorfheidhmiú an Dlí’.

I gCuid 5 den Acht, leagtar an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) síos mar ‘údarás maoirseachta neamhspleách’ don Treoir. Féadfar gearáin faoi sháruithe ar chóras na Treorach a dhéanamh leis an gCoimisiún.

Cé na Comhlachtaí a bhfuil Feidhm ag an Treoir maidir leo?

Beidh sé tábhachtach gur i gceart a shainaithnítear na cásanna ina bhfuil feidhm ag córas dlíthiúil na Treorach agus ag córas dlíthiúil Chuid 5 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018. Níl feidhm ag córas na Treorach ach amháin i gcásanna ina bhfuil an rialaitheoir sonraí ina ‘údarás inniúil’ agus ina ndéantar an phróiseáil ‘chun críocha fhorfheidhmiú an dlí’.

Mar sin féin, níl sé sin teoranta do phróiseáil ag comhlachtaí a bhféadfaí a mheas de ghnáth gur ‘údaráis fhorfheidhmiú an dlí’ iad (amhail an Garda Síochána). Ina ionad sin, tá feidhm ag an gcóras maidir le haon phróiseáil chun críocha fhorfheidhmiú an dlí a dhéanann comhlacht poiblí nó príobháideach a thagann faoin sainmhíniú ar ‘údarás inniúil’ (amhail na húdaráis áitiúla agus iad ag ionchúiseamh fíneálacha bruscair, agus Bus Átha Cliath i dtaca le cionta ticéid). Fágann sé sin go bhféadfadh go dtiocfadh líon an-ard comhlachtaí agus éagsúlacht an-leathan comhlachtaí faoin raon feidhme. Dá bharr sin, beidh sé riachtanach infheidhmeacht an chórais sin a mheasúnú ar bhonn cáis.

Níl sé chomh simplí le talamh slán a dhéanamh de gur faoi raon feidhme chóras na Treorach a thiocfaidh an phróiseáil ar fad a ndéanann údaráis fhorfheidhmiú an dlí í nó nach mbeidh eintiteas earnála príobháidí faoi réir na Treorach. Sa chéad chás, is féidir go ndéanfaidh údarás fhorfheidhmiú an dlí próiseáil sonraí nach mbaineann in aon chor le forfheidhmiú an dlí (nithe acmhainní daonna, soláthar, etc.) agus, sa dara cás, is féidir gur tugadh údarás poiblí d’eintitis earnála príobháidí nó is féidir go bhfuil siad ag déanamh próiseáil sonraí faoi chonradh le húdarás poiblí, i gcás gur chun críocha fhorfheidhmiú an dlí atá an phróiseáil.

Is ann do rud atá ina thástáil dhá chéim go bunúsach nach mór a chomhlíonadh chun a chinneadh cé acu a thagann nó nach dtagann an phróiseáil i gceist faoi raon feidhme na Treorach agus faoi raon feidhme Chuid 5 den Acht:

  • ar an gcéad dul síos, ní mór don rialaitheoir sonraí atá freagrach as an bpróiseáil i gceist a bheith ina ‘údarás inniúil’ de réir an tsainmhínithe a thugtar in alt 69 den Acht; ach,
  • ar an dara dul síos, ní mór an phróiseáil i gceist a bheith ‘chun críocha fhorfheidhmiú an dlí’, de réir an tsainmhínithe a thugtar in alt 70 den Acht.

Más amhlaidh go gcomhlíontar an chéad chéim den tástáil sin ach nach gcomhlíontar an dara céim, ní thagann an phróiseáil i gceist faoi raon feidhme na Treorach, cé go bhféadfadh an rialaitheoir a bheith ina údarás inniúil de ghnáth don Treoir agus do Chuid 5 den Acht (amhail an Garda Síochána). I gcás den sórt sin, d’fhéadfadh, maidir leis an bpróiseáil nach próiseáil chun críocha fhorfheidhmiú an dlí í, go dtiocfadh sí faoi raon feidhme córais reachtaigh eile, amhail an Rialachán Ginearálta (próiseáil le haghaidh nithe acmhainní daonna an Gharda Síochána, mar shampla).

Tá roinnt ceisteanna ann thíos a d’fhéadfadh cabhrú le hábhair shonraí agus le rialaitheoirí sonraí na cásanna ina dtiocfaidh an phróiseáil faoi raon feidhme na Treorach a shainaithint.

 

Na Príomhcheisteanna atá le Cur san Áireamh chun a Chinneadh an dTagann Ní faoi Raon Feidhme na Treorach nó nach dTagann:

 

An bhfuil an comhlacht/an t-eintiteas i gceist ina údarás poiblí atá inniúil chun críocha fhorfheidhmiú an dlí?
De réir alt 69(1)(a) den Acht: má tá, is féidir go bhfuil sé ina ‘údarás inniúil’ agus d’fhéadfadh go mbeadh sé faoi réir na Treorach.
An bhfuil an comhlacht/an t-eintiteas i gceist ina chomhlacht eile nó ina eintiteas eile atá údaraithe ag an dlí chun údarás poiblí agus cumhachtaí poiblí a fheidhmiú chun críocha fhorfheidhmiú an dlí?
De réir alt 69(1)(b) den Acht: má tá, is féidir go bhfuil sé ina ‘údarás inniúil’ agus d’fhéadfadh go mbeadh sé faoi réir na Treorach.
>An bhfuil an t-údarás inniúil i gceist ina rialaitheoir sonraí nó ina phróiseálaí sonraí?
Féach alt 69 den Acht chun an sainmhíniú ar ‘rialaitheoir’ agus ar ‘próiseálaí’ a fháil.
An bhfuil an phróiseáil i gceist á déanamh ag an rialaitheoir sonraí nó thar a cheann?
De réir alt 70(1), níl feidhm ag Cuid 5 ach amháin i gcás go bhfuil an phróiseáil á déanamh ag rialaitheoir sonraí atá ina údarás inniúil nó i gcás go bhfuil an phróiseáil á déanamh thar a cheann.
An bhfuil an phróiseáil i gceist á déanamh chun na gcríoch seo?;
  • cionta coiriúla a chosc
  • cionta coiriúla a imscrúdú
  • cionta coiriúla a bhrath
  • cionta coiriúla a ionchúiseamh
  • pionóis choiriúla a fhorghníomhú
De réir alt 70 den Acht, is féidir go mbeidh feidhm ag an Treoir agus ag Cuid 5 i gcás go bhfuil an phróiseáil á déanamh ag an rialaitheoir nó go bhfuil an phróiseáil á déanamh thar a cheann le haghaidh ceann ar bith de na críocha atá liostaithe. Más rud é go bhfuil an phróiseáil á déanamh chun críche eile agus nach bhfuil sí á déanamh chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, is féidir nach dtiocfaidh an phróiseáil faoi raon feidhme na Treorach ná faoi raon feidhme Chuid 5 – mar sin féin, is fiú a sheiceáil an dtagann an phróiseáil faoi raon feidhme an Rialacháin Ghinearálta nó nach dtagann.
An bhfuil an phróiseáil i gceist ag tarlú le linn gníomhaíocht a thagann lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais Eorpaigh?
De réir alt 70(2) den Acht agus Airteagal 2(3) den Treoir, ní thagann próiseáil den sórt sin faoi raon feidhme Chuid 5 ná faoi raon feidhme an Achta.
An bhfuil an phróiseáil i gceist á déanamh ag institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh?
De réir alt 70(2) den Acht agus Airteagal 2(3) den Treoir, ní thagann próiseáil den sórt sin faoi raon feidhme Chuid 5 ná faoi raon feidhme an Achta.
An bhfuil an phróiseáil i gceist de chineál a fhágann go bhfuil feidhm ag alt 8(1)(b) maidir léi?
De réir alt 70(2)(c) den Acht, ní thagann próiseáil den sórt sin faoi raon feidhme Chuid 5. Cumhdaítear leis sin próiseáil faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Fianaise Dlí-Eolaíochta agus Córas Bunachair Sonraí DNA), 2014, nó faoin Acht um Shonraí Clárúcháin Feithicle (Cuardach agus Malartú Uathoibrithe), 2018.