Próiseáil dhleathach

An bunús dlí do shonraí pearsanta a phróiseáil

Sula bhféadfaidh tú sonraí pearsanta a phróiseáil, ní mór duit bunús dlí a bheith agat do dhéanamh amhlaidh. Leagtar na forais dhleathacha le sonraí pearsanta a phróiseáil amach in Airteagal 6 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Is iad seo a leanas na forais sin:

  • toiliú an duine aonair;
  • conradh a chomhlíonadh;
  • oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh;
  • leasanna ríthábhachtacha aon duine a chosaint;
  • cúram a chur i gcrích ar mhaithe le leas an phobail;
  • nó freastal ar leasanna dlisteanacha aon chuideachta/eagraíochta (seachas i gcás ina mbeidh sáraíocht ag leasanna nó cearta agus saoirsí an ábhair shonraí ar na leasanna sin).