Oifigigh Cosanta Sonraí

Nua: Fógra a thabhairt don Choimisiún um Chosaint Sonraí faoi do OCS

Amhail ag 25 Bealtaine 2018, is é an GDPR an príomhshliocht reachtaíochta a rialaíonn cosaint sonraí. Faoin GDPR, níl feidhm a thuilleadh leis an riachtanas a bhí ann faoin seanréimeas reachtaíochta go gcláródh eagraíochtaí a gcuid gníomhaíochtaí próiseála sonraí leis an DPC. Dá réir sin, amhail ag 25 Bealtaine 2018, ní bheidh dualgas a thuilleadh ar eagraíochtaí iarratas a chur isteach lena gcuid gníomhaíochtaí próiseála sonraí a chlárú don DPC, agus an táille infheidhmithe a íoc. Baineann an GDPR freisin an riachtanas a bhí ann don OCS clár poiblí dá leithéid de ghníomhaíochtaí próiseála a chothabháil.

Fógra a Thabhairt faoi Oifigigh Cosanta Shonraí:

Faoin GDPR, tá iachall ar eagraíochtaí áirithe Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) a cheapadh. Tá iachall ar eagraíochtaí freisin sonraí a nOifigigh Cosanta Sonraí a fhoilsiú agus na sonraí seo a chur ar fáil dá n-údarás náisiúnta maoirseachta.

Tá iachall ar eagraíocht oifigeach ainmnithe cosanta sonraí a cheapadh sna cásanna seo:

  • nuair a chuirtear an phróiseáil i gcrích ag údarás nó ag comhlachas poiblí;
  • nuair is oibríochtaí próiseála atá i gceist le croí-ghníomhaíochtaí an rialaitheora nó an phróiseálaí, oibríochtaí a éilíonn monatóireacht rialta agus chórasach daoine is ábhar do na sonraí ar mór-scála; nó
  • sé atá i gceist le croí-ghníomhaíochtaí an rialaitheora nó an phróiseálaí ná próiseáil ar mór-scála shainchatagóirí sonraí nó sonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe agus le cionta coiriúla.

Tá tuilleadh treorach faoi ról OCS ar fáil anseo.

Chun d'OCS a chur in iúl don DPC, líon agus cuir isteach an fhoirm seo a leanas, le do thoil.