Ráiteas ón DPC maidir le: Tacar Sonraí a nochtar ar line

06th Mí Aibreán 2021

Nochtadh tacar sonraí ar shuíomh gréasáin haiceála an deireadh seachtaine seo, le fáil saor in aisce. Tá taifid maidir le 533 milliún daoine aonair sa tacar sonraí, agus is cosúil gur ó Facebook a bhfuarthas é. Is úsáideoirí AE iad líon mór de na húsáideoirí. Is cosúil go ndearnadh an cuid is mó de na sonraí a chnuaschóipeáil i bhfad ó shin ó phróifílí phoiblí Facebook.

Foilsíodh tacair sonraí roimhe seo i 2019 agus 2018 maidir le cnuaschóipeáil ar scála mór ón suíomh gréasáin Facebook. Ag an am sin, dúirt Facebook gur tharla an cnuaschóipeáil seo idir Meitheamh 2017 agus Aibreán 2018, nuair a dhún Facebook leochaileacht ina fheidhmiúlacht cuardaigh fóin. Cé gur tharla an cnuaschóipeáil roimh an GDPR, rinne Facebook cinneadh gan é seo a chur in iúl mar shárú ar shonraí pearsanta faoin GDPR.

Sa thacar sonraí a fhoilsíodh le déanaí, is cosúil go bhfuil an chéad tacar sonraí ó 2018 (roimh GPDR), i dteannta le taifid breise, a d’fhéadfadh a tháinig ó thréimhse níos déanaí.

Ag an deireadh seachtaine, rinne an DPC iarracht na fíricí ar fad a dheimhniú agus tá an obair seo fós ar siúl. Ní bhfuair an Coimisiún aon chumarsáid réamhghníomhach ó Facebook. Trí bhealaí éagsúla, lorg sé teagmháil agus freagraí ó Facebook, a thug le fios ó shin gur:

“…. bunaithe ar ár bhfiosrúchán go dtí seo, creidimid go raibh an t-eolas sa thacar sonraí a scaoileadh an deireadh seachtaine seo ar fáil don phobal agus go ndearnadh é a chnuaschóipeáil roimh athruithe a rinneadh leis an ardán i 2018 agus 2019. Tá súil againn go dtuigeann sibh gur is cosúil gur cuireadh na sonraí atá i gceist i dtoll a chéile ag tríú páirtithe, agus tá seans ann go dtagann na sonraí ó iliomad foinsí. Dá bharr sin, tá gá le fiosrúchán leitheadach a dhéanamh chun na foinsí a chinntiú, go dtí go mbeidh cinnteacht againn eolas breise a thabhairt do d’Oifig agus dár n-úsáideoirí.”

Dearbhaíonn Facebook don DPC gurb é an phríomhthosaíocht atá aige freagraí cinnte a thabhairt don DPC. I gcuid de na taifid a scaoileadh ar an suíomh gréasáin haiceála, tá uimhreachta fóin agus seoltaí ríomhphoist a bhaineann le húsáideoirí. Tá rioscaí ann d’úsáideoirí a d’fhéadfadh go ndéanfar iad a spamáil chun críche margaíochta, ach mar a chéile ní mór d’úsáideoirí a bheith san airdeall maidir le seirbhís ar bith á úsáideann siad má theastaíonn sí fíordheimhniú a bhaineann úsáid as uimhir fóin nó seoladh ríomhphost, ar eagla go bhfuil tríú páirtithe ag iarraidh rochtain a fháil.

Leanfaidh an DPC le fíricí breise a chur in iúl agus a fhaighimid eolas ó Facebook.