Ráiteas ón DPC ar ghné geandála Facebook

12th Mí Feabhra 2020

Rinne Facebook Ireland teagmháil leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) den chéad uair Dé Luain an 3 Feabhra maidir leis an rún a bhí acu gné nua Geandála a leathadh amach san AE. Bhí an-imní orainn nár chualamar aon rud ó Facebook Ireland go dtí sin maidir leis an ngné nua seo, nuair a chuirtear san áireamh go raibh sé i gceist acu go leathfar amach í amárach, an 13 Feabhra. Mar bharr ar ár n-imní níor cuireadh aon fhaisnéis/cáipéisí ar fáil dúinn ar an 3 Feabhra maidir leis an Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí nó na próisis cinnteoireachta a rinne Facebook Ireland.

Chun deifir a chur leis na cáipéisí ábhartha a fháil, rinne oifigigh údaraithe den DPC iniúchadh ag oifigí Facebook Ireland Limited i mBaile Átha Cliath Dé Luain seo caite, an 10 Feabhra, agus bhailigh siad cáipéisí.

Chuir Facebook Ireland in iúl dúinn aréir gur chuir siad leathadh amach na gné seo ar athlá.