Fógraíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí cinneadh san fhiosrúchán Twitter

15th Mí na Nollag 2020

D’fhógair an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) conclúid inniu leis an bhfiosrúchán GDPR a thosaigh sé ar Twitter International Company. Cuireadh tús le fiosrúchán an DPC i mí Eanáir 2019 tar éis dó fógra a fháil ó Twitter maidir le sárú, agus fuair an DPC gur sháraigh Twitter Airteagal 33(1) agus 33(5) den GDPR toisc nár chuir sé an sárú in iúl don DPC in am agus nach ndearna sé an sárú a dhoiciméadú go sásúil. Ghearr an DPC fíneáil riaracháin de €450,000 ar Twitter mar bheart éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

B’é an dréacht-chinneadh san fhiosrúchán seo an chéad cheann a chuaigh tríd an bpróiseas Airteagail 65 (“réiteach díospóide”) ó tháinig an GDPR isteach, tar éis dó a chur ar aghaidh chuig Údaráis Maoirseachta eile lena mBaineann faoi Airteagal 60 den GDPR i mí na Bealtaine i mbliana. Chomh maith leis, b’é an chéad Dreacht-Chinneadh i gcás “big tech” ina ndeachthas i gcomhairle le gach uile údarás maoirseachta san AE mar Údaráis Maoirseachta lena mBaineann.

D’fhoilsigh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí an cinneadh Airteagail 65 agus an cinneadh deireanach ar a shuíomh anseo.