Fógraíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí cinneadh i bhFiosrúchán ar Facebook maidir le “Cnuaschóipeáil Sonraí”

28th Mí na Samhna 2022

D’fhógair an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) inniu go bhfuil fiosrúchán tugtha i gcrích aige maidir le Meta Platforms Ireland Limited (MPIL), rialaitheoir sonraí an líonra meán sóisialta “Facebook”, agus gur gearradh fíneála €265 milliún agus ag cur réimse beart ceartaitheach air.

Chuir an DPC tús leis an bhfiosrúchán seo ar an 14 Aibreán 2021, de bhun tuairiscí sna meáin inar tugadh le fios gur aimsíodh tacar sonraí de shonraí pearsanta Facebook a bhí tiomsaithe agus curtha ar fáil ar an idirlíon. Bhain raon an fhiosrúcháin le scrúdú agus measúnú ar na huirlisí Facebook Search, Facebook Messenger Contact Importer agus Instagram Contact Importer i dtaca le próiseáil a rinne Meta Platforms Ireland (‘MPIL’) le linn na tréimhse idir an 25 Bealtaine 2018 agus Meán Fómhair 2019. Bhain na ceisteanna ábhartha san fhiosrúchán seo le comhlíonadh na hoibleagáide faoin GDPR le haghaidh Cosaint Sonraí de réir Dearadh agus Réamhshocraithe. Rinne an DPC scrúdú ar fheidhmiú beart teicniúla agus eagraíochtúla de bhun Airteagail 25 GDPR (a phléann leis an gcoincheap seo).

Bhí an próiseas fiosrúcháin cuimsitheach, agus rinne an DPC comhoibriú le gach údarás maoirseachta cosanta sonraí eile san AE. D’aontaigh na húdaráis maoirseachta eile sin le cinneadh an DPC.

Glacadh leis an gcinneadh Dé hAoine, 25 Samhain 2022, agus cláirítear cinntí ann gur sáraíodh Airteagail 25(1) agus 25(2) den GDPR. Sa chinneadh cuireadh iomardú agus ordú go gcuirfidh MPIL a phróiseáil i gcomhlíonadh trí réimse bearta sonraithe feabhais a dhéanamh laistigh de thréimhse áirithe. Chomh maith leis seo, ghearr an cinneadh fineálacha riaracháin ar MPIL atá €265 milliún san iomlán.