Dréacht-chinneadh ar Airteagal 60 maidir le fiosrúchán ar chomhlíonadh Twitter International Company le hAirteagail 33(1) agus 33(5) den GDPR curtha ar aghaidh ag DPC na hÉireann

22nd Mí Bealtaine 2020

Tá dréacht-chinneadh curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) inniu chuig Údaráis Mhaoirseachta eile a bhfuil imní orthu, i gcomhréir le hAirteagal 60 den GDPR, maidir le fiosrúchán atá tugtha chun críche ag an gCoimisiún maidir le Twitter International Company, rialaitheoir sonraí bunaithe in Éirinn. Chuir an DPC tús leis an bhfiosrúchán féintoilithe seo i ndiaidh fógra maidir le sonraí pearsanta a shárú a bheith faighte ón rialtóir. Díríonn an dréacht-chinneadh ar cibé ar chomhlíon Twitter International Company le hAirteagail 33(1) agus 33(5) den GDPR nó nár chomhlíon.

Tá an dréacht-chinneadh seo ar cheann de na forbairtí suntasacha atá tagtha chun cinn i bhfiosrúcháin an DPC ar chuideachtaí "móra teicneolaíochta" an tseachtain seo. Dheimhnigh an Leas-Choimisinéir Graham Doyle: "Chomh maith leis an dréacht-chinneadh seo a chur ar aghaidh chuig údaráis maoirseachta eile de chuid an AE, tá réamhdhréacht-chinneadh curtha ar aghaidh againn chuig WhatsApp Ireland Limited an tseachtain seo a bheidh le glacadh san áireamh ag an DPC sula ndéanfar dréacht-chinneadh a ullmhú ar an ábhar sin chun críocha Airteagal 60.   Déanann an fiosrúchán ar WhatsApp Ireland comhlíonadh na cuideachta le hAirteagail 12-14 den GDPR maidir le trédhearcacht a scrúdú, lena n-áirítear trédhearcacht a bhaineann leis an bhfaisnéis a roinntear le Facebook."

Tá an chéim imscrúdaithe maidir le fiosrúchán gearán-bhunaithe atá dírithe ar oibleagáidí Facebook Ireland bunús dlí a bhunú i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta tugtha chun críche chomh maith ag an DPC.  Tá an fiosrúchán seo anois ag céim na cinnteoireachta sa DPC.

Tá dréacht-thuairisc fiosrúcháin curtha ar aghaidh ag an DPC chuig na gearánaigh a bhaineann le dhá fhiosrúchán sa bhreis ar chuideachtaí "móra teicneolaíochta" - baineann na fiosrúcháin seo leis na hardáin Instagram agus WhatsApp faoi seach. 

D'eisigh an DPC an dara cinneadh a chuireann bearta ceartaithe i bhfeidhm lena n-áirítear fíneáil faoin GDPR a chur ar Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, i ndiaidh fiosrúcháin, a cuireadh tús leis i mí na Samhna 2019, a thabhairt chun críche agus tá 28 lá anois ag Tusla chun achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh sin.

Sa bhreis air sin, d'fhógair an CJEU an 14 Bealtaine go dtabharfaidh sé a bhreithiúnas sa chás An Coimisinéir Cosanta Sonraí v. Facebook Ireland Limited agus Maximilian Schrems (Cás C-311/18) an 16 Iúil. Baineann an cás le himeachtaí a thionscain agus a phléigh an DPC in Ard-Chúirt na hÉireann trínar tháinig roinnt ceisteanna suntasacha chun cinn maidir le haistrithe sonraí idirnáisiúnta a rialú faoi dhlí cosanta sonraí an AE. Táthar ag súil go dtabharfaidh an breithiúnas ón CJEU, de bhun an tagairt a rinneadh a d'eascair ó na himeachtaí seo, soiléireacht, atá ag teastáil go géar, maidir le gnéithe den dlí agus go léireoidh sin cloch mhíle sa dlí maidir le haistrithe idirnáisiúnta.