Dearbhú Fíneála - Twitter International Company

18th Mí Deireadh Fomhair 2021

Dearbhaíodh cinneadh an Choimisiúin um Chosaint Sonraí fíneáil a ghearradh ar Twitter International Company i gCúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath inniu. Rinneadh an t-iarratas chun an cinneadh, an fíneáil riaracháin €450,000 a ghearradh, a dhearbhú de bhun Alt 143 den Acht um Chosaint Sonraí 2018.

Cuireadh tús leis an bhFiosrúchán i mí Eanáir 2019 i ndiaidh fógra maidir le sárú a bheith faighte ó Twitter. Bhain an Sárú, a tharla ag próiseálaí TIC, Twitter Inc., le fabht. I gcás gur athraigh úsáideoir Twitter a raibh cuntas cosanta aige, agus é ag úsáid Twitter ar Android, an seoladh ríomhphoist a bhí aige, d'fhágfadh sé sin go mbeadh a chuntas neamhchosanta. Ba é cuspóir an Fhiosrúcháin ceisteanna áirithe a bhain le fógra TIC maidir leis an Sárú a scrúdú, seachas na príomhcheisteanna a bhain leis an Sárú féin a scrúdú. Chuir Twitter in iúl don DPC ar an 8 Eanáir 2019 gur tharla sárú i ndáil le sonraí pearsanta agus de réir an chinnidh, ba cheart an DPC a bheith ar an eolas maidir leis an Sárú faoin 3 Eanáir 2019 ar a dhéanaí.

Cinneadh

  • De réir an chinnidh, sháraigh Twitter Airteagal 33(1) agus 33(5) de GDPR mar gheall nár chuir sé an sárú in iúl don DPC in am agus mar gheall gur theip air taifead sásúil a dhéanamh ar an sárú.

Corrective Powers

  • Forchuireadh leis an gcinneadh fíneáil riaracháin €450,000 ar Twitter maidir leis na sáruithe.