Ráiteas ón DPC maidir le líomhaintí a rinneadh i bhfoilseacháin sna meáin ar an 05 agus 06 agus 07 Nollaig

07th Mí na Nollag 2021

Rinneadh líomhaintí i gclúdach suntasach de chuid na meán le cúpla lá anuas go ndearna an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC), ag gníomhú de mheon mímhacánta de bhun cruinnithe a bhí aige le Facebook mar chuid dá ról rialála, “stocaireacht” ar an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB) le súil go nglacfadh an EDPB le treoirlínte maidir le hAirteagal 6(1)(b) den GDPR (‘riachtanas maidir le conradh a chomhlíonadh’), ar mhaithe le leas na cuideachta. Níl bunús ar bith leis na líomhaintí sin.

Tá saincheisteanna a bhaineann leis an léirmhíniú dlí ceart a bhaint as an ngá le comhlíonadh an chonartha faoi réir ag nós imeachta rialála i láthair na huaire. Táthar ag déanamh an nóis imeachta sin i láthair na huaire faoi Airteagal 60 den GDPR. Níos suntasaí fós agus ar leithligh, tá Airteagal 6(1)(b) faoi réir ag imeachtaí atá os comhair Chúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh.

In imthosca ina bhfanann nósanna imeachta agus imeachtaí dá leithéid beo, tá an DPC srianta ó pháirt a ghlacadh in aon phlé comhuaineach in aon fhóram poiblí.

Mar phointe ginearálta, áfach, tuigimid go gceanglóidh toradh na n-imeachtaí, dá dtagraítear dóibh thuas, rialaitheoirí agus rialálaithe araon ar ndóigh, agus d’fhéadfadh an toradh sin a chinneadh cibé an féidir nó nach féidir le rialaitheoirí brath ar Airteagal 6(1)(b), an uair ar féidir brath air agus na himthosca inar féidir brath air chun bunús dlí a chur ar fáil go cinnte dá chuid oibríochtaí próiseála sonraí pearsanta.

Is gá go mbeidh tionchar freisin ag toradh na nósanna imeachta sin ar threoirlínte an EDPB i ndáil leis an ábhar céanna a glacadh an 8 Deireadh Fómhair 2019.

Is cosúil go mbaineann na líomhaintí a rinneadh i gcoinne an DPC, a tuairiscíodh i bhfoilseacháin de chuid na meán le déanaí, ní le haon saincheist a mbaineann aon bhunús leo maidir le hAirteagal 6(1)(b), ach le teoiric a chothú, a bhfuil, mar chuid lárnach dó, an líomhain gur fhéach an DPC, ag gníomhú de mheon mímhacánta, le nósanna imeachta an EDPB a threascairt ag súil go nglacfadh an EDPB le treoirlínte maidir le hAirteagal 6(1)(b), a bheadh fabhrach do leasa rialaitheora ar leith.

Níl bunús ar bith leis an líomhain sin.

I measc nithe eile, léiríonn sé freisin an easpa d’aon saghas buntuisceana maidir le córas feidhmithe an EPDB, agus maidir le go dtagtar ar réiteach go hiondúil, trí phróiseas atriallach, ar thuairimí éagsúla a bhaineann le saincheisteanna casta prionsabail trí idirphlé, agus trí rannpháirtíocht ómósach agus inmhe.

Is amhlaidh a bhí i gceist leis an gcás a bhain le treoirlínte an EDPB maidir le hAirteagal 6(1)(b) a fhorbairt.

Sna himthosca, ní dhéanann cáipéis oibre tosaigh, a chuirtear i láthair aisti féin, ach réimse tuairimí a bhí á bplé in aon tráth amháin a thabhairt le fios.

Go páirteach, braitheann an teoiric freisin ar líomhaintí tromchúiseacha eile (bíodh is gur líomhaintí gan chruthú iad) atá déanta i gcoinne an DPC. Tá sé líomhnaithe gur cheadaigh/shocraigh an DPC seasamh Facebook maidir leis an mbunús dlí dá chuid oibríochtaí próiseála agus go ndearna an DPC an seasamh sin a fhorbairt go comhpháirteach. Tá sé sin go huile agus go hiomlán mícheart agus níl aon bhonn fírice leis. Chun bheith soiléir, ní thacaíonn an DPC agus níor thacaigh sé riamh, ná ní fhorbraíonn an DPC go comhpháirteach agus níor fhorbair sé riamh, ná ní cheadaíonn an DPC agus níor cheadaigh sé riamh, ná ní aontaíonn an DPC agus níor aontaigh sé riamh ná ní chomhthoilíonn an DPC agus níor chomhthoiligh sé in aon bhealach eile riamh le polasaithe ná seasamh rialaitheora ná próiseálaithe maidir le comhlíontacht a chuid oibleagáidí cosanta sonraí.

Le linn dheireadh na bliana 2017 go dtí Márta 2018, bhí  cruinnithe ag an DPC, i gcúrsa a chuid feidhmeanna maoirseachta, le Facebook (bhí go deimhin agus ag go leor DPAnna eile le go leor eagraíochtaí eile san earnáil phoiblí agus phríobháideach) chun críocha an eolais is déanaí a fháil agus aiseolas ar ardleibhéal a chur ar fáil maidir le clár ullmhaithe GDPR Facebook. Bhí sin go huile agus go hiomlán ag teacht le cur chuige fadbhunaithe an DPC i dtaobh maoirseachta trí bhíthin comhairliúcháin agus rannpháirtíocht rialála le páirtithe leasmhara. Ba ionann an fheidhm sin agus gné bhunúsach d’oibleagáidí reachtúla an DPC faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 (Alt 9 i measc Ailt eile) a raibh feidhm leo an tráth a tionóladh na cruinnithe atá i gceist. Go deimhin, is croífheidhm fós faoin réim reachtach nua in Éirinn í maidir leis an GDPR agus Acht 2018 (e.g. Tascanna faoi Airteagal 57 lena n-áirítear monatóireacht, comhairle a thabhairt agus feasacht chun gníomhaíochtaí a chur chun cinn i measc daoine eile, chomh maith le gníomhaíochtaí  foirmeálta comhairliúcháin faoi Airteagal 36). Tugann an DPC le fios go ríshoiléir d’eagraíocht ar bith a fhéachann le dul i gcomhairle leis gurb é sin an bonn ar a dtugtar faoi comhairliúchán agus go bhfuil sé go huile agus go hiomlán faoin eagraíocht a chinntiú go bhfuil sí ag comhlíonadh dlí cosanta sonraí agus go bhfuil sí ábalta an comhlíonadh sin a léiriú.

I gcomhthéacs a chuid feidhmeanna comhairliúcháin agus maoirseachta a chur i gcrích maidir le Facebook le linn na tréimhse sin, agus mar a dhéanann sé i ndáil leis na heagraíochta eile ar fad a fhéachann le dul i gcomhairle leis, chuir an DPC aiseolas / breathnuithe ar ardleibhéal ar fáil ar chuir chuige chomhlíonta atá molta agus ar threoir neamhcheangailteach ar GDPR agus reachtaíocht náisiúnta a chur i bhfeidhm. Chun athdhearbhú a dhéanamh: níor cheadaigh an DPC, níor fhorbair an DPC go comhpháirteach, níor thacaigh, níor thoiligh ná níor idirbheartaigh an DPC ag tráth ar bith le linn a rannpháirtíochta le Facebook, ná le haon eagraíocht eile a d’fhéach le dul i gcomhairle leis an DPC maidir lena ullmhúcháin GDPR. Ná, ní mór a rá, níor mhol an DPC ná níor thug an DPC le fios do Facebook ag tráth ar bith gur bunús dlí cuí é Airteagal 6(1)(b) chun a chuid oibríochtaí próiseála a bhunú air. Go deimhin, tugadh faoi na pléití a bhí ann ar an ábhar sin chun Facebook a cheistiú ar a bhreithniúcháin maidir le hAirteagal 6(1)(b) agus chun bunús a lorg ar a réasúnaíocht dlí agus chun na críocha sin amháin. 

Go luath sa bhliain 2018, tionóladh ceann de na cruinnithe le Facebook ag áitreabh de chuid DPA AE eile, ó tharla nach raibh aon ionad ilfhreastail ann sa dlí cosanta sonraí roimh mhí Bealtaine 2018, d’fhreastail go leor DPAnna AE ar an gcruinniú inar thug Facebook achoimre ar a bhreithniúcháin atá ag teacht chun cinn maidir le bunúis dlí.

Ba de bhun an chruinnithe sin a thug an DPC sonraí do DPAnna roinnt uaireanta le linn sheisiúin iomlánacha Coiste  Airteagal 29 (an EDPB anois) ar an méid a bhí faighte amach aige óna chuid idirghníomhaíochtaí le rialaitheoirí ar na bunúis dlí a raibh machnamh á ndéanamh orthu. I bhfianaise an chomhchuibhithe a bhí de dhíth ón GDPR mhol an DPC gur chóir don EDPB treoir a ullmhú ar an ábhar conartha. Ag moladh na treorach dó, luaigh an DPC go bhféadfadh saincheisteanna a bheith i gceist i dtaobh chomh hoiriúnach agus atá sé a bheith ag brath ar bhunús dlí dá leithéid faoin GDPR. Comhaontaíodh go ngníomhódh an DPC ina cheannrapóirtéir maidir leis an treoirlínte. D’ullmhaigh an DPC seasamh ansin, de mheon macánta. Sa chéad ásc, bhíothas ag lorg, faoin seasamh sin, leas a bhaint as comhairle a d’eisigh an Grúpa WP29 roimhe sin chomh maith le leas a bhaint as anailís dlí an DPC féin ag féachaint do na coincheapa níos leithne agus do phrionsabail dhlí na gconarthaí mar a thuigtear i dtraidisiún dlí an dlí choitinn. De réir mar tháinig forbairt ar na pléití, rinne an DPC nuashonrú ar sheasamh chun críocha díospóireachta, lenar bhain diandíospóireacht mar ba ghnách.  Dar le go leor sa bhfoghrúpa ní raibh an seasamh a d’fhorbair an DPC inghlactha agus ba léir nach bhféadfaí teacht ar chomhaontú ina leith. Ag an bpointe sin, chun ómós a léiriú dá chomhghleacaithe, d’ullmhaigh an DPC leagan eile, ag glacadh le tuairimí an tromlaigh. Ar deireadh, ba é an leagan athbhreithnithe a bheadh ina bhunchloch do na dréacht-treoirlínte a thiocfadh as an bhfoghrúpa, agus a glacadh sa deireadh i seisiún iomlánach. Is é sin le rá, faoi réir roinnt athruithe measartha beag, tá na treoirlínte deiridh bunaithe ar cháipéis a d’ullmhaigh an DPC.

Is oth leis an DPC na líomhaintí de mheon mímhacánta gan bhunús atá déanta ina choinne.