Clár forfheidhmiúcháin OCS – 170 eagraíochtaí breise curtha i gcomhlíontacht

26th Mí na Samhna 2021

D’éirigh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí an chéim is déanaí a chríochnú ina chlár fofheidmiúcháin Oifigigh Cosanta Sonraí (OCS), a dhéanann iarracht feabhas a chur ar chomhlíontacht le hAirteagal 37 den GDPR.

Rinne an clár, a cuireadh tús leis in 2020, measúnú ar conas ar chomhlíon comhlachtaí poiblí a gcuid oibleagáidí faoi Airteagal 37.7 den GDPR, a thugann sainordú go bhfuil comhlachtaí poiblí i measc na gcatagóirí faoi leith de rialaitheoirí sonraí a bhfuil ceangal orthu OCS a cheapú agus sonraí an OCS a chur in iúl don Údarás Maoirseachta ábhartha.

D’aimsigh an chéim tosaigh seo breis is 77 comhlacht poiblí a d’fhéadfadh a raibh neamhchomhlíontach as beagnach 250 in iomlán. Tar éis idirghabháil an DPC, chuir breis is 70 eagraíocht iad féin i gcomhlíontacht, ag ardú ráta comhlíonta na hearnála ó 69% go beagnach 100%.

In 2021, mhéadaigh an DPC an tionscadal chun an earnáil phríobháideach a chur san áireamh, ag glacadh leis nach bhfuil aon riachtanas uathfheidhmeach d’eagraíochtaí nach mbaineann leis an earnáil phoiblí OCS a cheapadh. Braitheann ceapachán OCS in eagraíochtaí na hearnála phríobháideach ar scála agus cineál na ngníomhaíochtaí próiseála atá i gceist. Ag cuimhneamh ar seo, d’aimsigh an DPC roinnt earnálacha ar dócha go mbeadh orthu OCS a cheapadh. Áiríodh sna hearnálacha seo Ospidéil Príobháideacha agus Seirbhísí Dochtúra Ghinearálta Lasmuigh de Ghnáthuaireanta, Eintitis Baincéireachta, agus Comhar Creidmheasa. Tugtar achoimre ar na torthaí thíos:

Ospidéil Phríobháideacha agus Seirbhísí Dochtúra Ghinearálta Lasmuigh de Ghnáthuaireanta

  • Le linn an athbhreithnithe comhlíonta, aimsíodh 24 Ospideál Phríobháideach agus Seirbhís Dochtúra Ghinearálta Lasmuigh de Ghnáthuaireanta.
  • I measc iad seo, bhí 42% de na seirbhísí aimsithe tar éis OCS a cheapadh agus an DPC a chur ar an eolas de réir Airteagal 37(7) den GDPR.
  • Tar éis idirghabháil an DPC, chuir 100% de sheirbhísí aimsithe iad féin i gcomhlíontacht leis na riachtanais.

Eintitis Baincéireachta

  • Le linn an athbhreithnithe comhlíonta, aimsíodh 34 eintiteas baincéireachta.
  • Nuair a rinneadh scrúdú tosaigh, bhí 74% d’eintitis aimsithe i gcomhlíontacht.
  • Tar éis rannpháirtíocht, tá 80% d’eintitis aimsithe i gcomhlíontacht, thug trí eintiteas cúis gan OCS a cheapadh agus tá rannpháirtíocht fós ag dul ar aghaidh idir an DPC agus na heintitis eile.
  • Beidh an DPC ag déanamh athbhreithniú ar na cúiseanna a tugadh gan OCS a cheapadh ionas go ndéanfar cinnte go gcuirfear Airteagal 37(1)(b) agus (c) i bheidhm go ceart.

Comhar Creidmheasa

Rinneadh teagmháil le Comhar Creidmheasa leo féin, agus ní leis na heintitis baincéireachta eile, mar gheall ar an méid dóibh atá sa tír.

  • Aimsíodh 242 comhar creidmheasa le linn an athbhreithnithe.
  • Nuair a rinneadh scrúdú tosaigh, bhí 29% de comhar creidmheasa I gcomhlíontacht le hAirteagal 37(7), agus bhí 3% i bpáirt-chomhlíontacht.
  • Tar éis rannpháirtíocht na céime tosaigh, d’ardaigh an ráta comhlíonta go 64%, le 10% i bpáirt-chomhlíontacht.
  • As na comhar creidmheasa a aimsíodh, rinne 13% dóibh cinneadh gan OCS a cheapadh.
  • Tá an rannpháirtíocht le comhar creidmheasa fós ag dul ar aghaidh agus beidh ag DPC ag déanamh athbhreithniú ar na cúiseanna a tugadh gan OCS a cheapadh go dtí go gcinnteofar go bhfuil Airteagal 37(1)(b) agus (c) curtha i bhfeidhm go ceart.

San iomlán, go dtí seo comhlíonann 170 eagraíocht breise Airteagal 37(7) anois mar gheall ar idirghabháil an DPC. Mar sin, bíonn sé níos éasca dul i ngleic le OCSanna do dhaoine aonair a bhfuil ag iarraidh a gcearta cosanta sonraí a fheidhmiú.

I gcásanna ina aimsíonn an DPC neamhchomhlíontacht leanúnach, déanfar tuilleadh bearta forfheidhmiúcháin mar ba chuí agus riachtanach chun comhlíontacht a chinntiú le riachtanais an GDPR.

Sular leathnóidh an DPC seiceálacha comhlíonta go hearnálacha eile, smaoineoidh sé ar an gá le treoir bhreise chun aghaidh a thabhiart ar aon ceisteanna imní.

Tá tuilleadh eolais faoi ról OCS ar fáil anseo. Is féidir le rialaitheoir sonraí fógra a thabhairt don DPC maidir le sonraí a OCS, is féidir é seo a dhéanamh tríd an bhfoirm seo a chur isteach.