Athruithe le Láithreán Gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí

09th Mí na Samhna 2020

Tá roinnt athruithe déanta ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) lenár láithreán gréasáin, www.dataprotection.ie

Gheobhaidh tú fós an t-ábhar céanna a bhí le fáil ar an leagan den láithreán a bhí ann roimhe seo. Leis na hathruithe a rinneamar, áfach, beidh sé níos éasca faisnéis agus treoir maidir le do chearta aonair agus d’oibleagáidí eagraíochtúla faoin dlí cosanta sonraí a aimsiú agus a nascleanúint.

  • Do Chuid Sonraí. Anseo gheobhaidh tú faisnéis ar do chearta cosanta sonraí agus conas na cearta sin a fheidhmiú, chomh maith lenár dtreoir ar Bhunclocha Cosanta Sonraí a dhéanann iarracht roinnt na ceisteanna is coitianta maidir leis an dlí cosanta sonraí a phlé.
  • Sa rannán D’Eagraíochtaí tá faisnéis d’eagraíochtaí ar a n-oibleagáidí faoin dlí cosanta sonraí, treoir nua maidir le Deimhniúchán GDPR san áireamh.
  • Sa rannán Acmhainní tugtar le chéile an treoir uile a chuir an DPC ar fáil do dhaoine aonair agus eagraíochtaí araon; lena n-áirítear cáipéisí treorach, podchraoltaí, blaganna, tuarascálacha reachtúla agus cás-staidéir. Faoi Dlí gheobhaidh tú faisnéis ar reachtaíocht um chosaint sonraí, breithiúnais agus cinntí DPC ag feidhmiú cumhachtaí ceartúcháin déanta faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018.
  • Tugann Cé Muid Féin faisnéis duit faoin DPC.
  • Tá an nuacht is déanaí faoi DPC le fáil sa rannán Nuacht agus na Meáin.
  • Is rannán nua é Oifigigh Cosanta Sonraí atá tiomanta d’Oifigigh Cosanta Sonraí, ag tabhairt an fhaisnéis is ábhartha le chéile ar ár láithreán gréasáin in áit láraithe chun cuidiú le DPOnna ina róil.
  • Má tá ceist agat nó má tá faisnéis á lorg agat a bhaineann leis an tréimhse roimh GDPR gheobhaidh tú é seo sa fógra meirge ar bharr an láithreán, in aice le Déan Teagmháil Linn agus an fheidhm cuardaithe.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara má rinne tú nasc le haon leathanach gréasáin ar www.dataprotection.ie i gcáipéis nó ar láithreán gréasáin, d’fhéadfadh go ndearna athrú ar na naisc seo agus nach n-oibreoidh siad a thuilleadh mar thoradh ar na hathruithe leis an láithreán.

Is féidir le daoine aonair agus eagraíochtaí teagmháil a dhéanamh leis an DPC fós trí na foirmeacha gréasáin a úsáid. Is féidir iad seo a fháil ar an leathanach baile faoi Tóg Gníomh, nó trí chliceáil ar Déan Teagmháil Linn ar bharr an láithreáin gréasáin.

Má tá aon deacracht agat leis an láithreán greásáin nó mura féidir leat teacht ar an bhfaisnéis atá uait, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn anseo.