Cuireann an Coimisiún um Chosaint Sonraí fáilte roimh thoradh imeachtaí ionchúisimh a tugadh in aghaidh Three Ireland Limited agus Vodafone Ireland Limited

07th Mí Meán Fomhair 2021

Chuir an Coimisiún um Chosaint Sonraí fáilte roimh thoradh imeachtaí ionchúisimh a tugadh maidin inné i gCúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath in aghaidh dhá chuideachta iomráiteacha teileacumarsáide maidir le ciontuithe margaíochta faoi I.R. 336 de 2011.

Phléadáil Three Ireland (Hutchison) Limited ciontach i dhá chúis gur sheol siad ríomhphoist margaíochta gan iarraidh níos luaithe i mbliana chuig custaiméir amháin nár thug cead don chuideachta a sheoladh ríomhphoist a úsáid chun críocha margaíochta. Roghnaigh an gearánaí as ríomhphoist margaíochta a fháil i lár mhí Feabhra 2021. Nuair a rinne Three Ireland (Hutchison) Limited iarracht iarratas rogha an diúltaithe a chur i gcrích, tharla fadhb nuair a seoladh dhá thaifead ag an am céanna agus cailleadh an tsraith, agus dá bharr sin ní dhearnadh a chóras a uasdátú go ceart. Mar thoradh ar sin, seoladh trí ríomhphost margaíochta eile chuig an ngearánaí sna seachtainí ina dhiaidh sin. Chuir an chúirt an tAcht um Phromhaidh Ciontóirí i bhfeidhm sa chás seo ar an mbonn go mbronnfaidh an chuideachta €3,000 ar an gcarthanas Little Flower Penny Dinners.

Phléadáil Vodafone Ireland Limited ciontach i seacht gcúis san iomlán gur sheol siad teachtaireachtaí téacs, ríomhphoist agus glaonna gutháin gan iarraidh. Bhain cás amháin le hiarchustaiméir a chuir glaoch ar Vodafone seacht n-uaire ar leith le roghnú as glaonna gutháin margaíochta a fháil ar a fhón póca. Gach uair theip ar an ngníomhaire lena labhair sé na gnásanna cearta a leanúint agus dá bharr sin níor baineadh é amach as margaíocht agus fuair sé tuilleadh glaonna margaíochta. Dhún an gearánaí a chuntas le Vodafone Ireland Limited agus bhog sé chuig oibritheoir eile de bharr na nglaonna margaíocht a fuair sé.

Sa dhá chás eile, is custaiméirí reatha Vodafone Ireland Limited iad na gearánaithe. I gcás amháin fuair an custaiméir glao margaíochta ar a uimhir fóin póca i mí Feabhra 2019 agus le linn an ghlao sin dúirt an custaiméir leis an nglaoiteoir nach raibh sé ag iarraidh tuilleadh glaonna margaíochta a fháil. D’anneoin a iarratas, ina dhiaidh sin chuir Vodafone Ireland Limited 12 glao gutháin margaíochta eile ar a fhón póca mar ní dhearna a ghníomhaire aon rud chun roghanna margaíochta an ghearánaí a athrú. Sa chás eile, chomhlánaigh an gearánaí foirm aistrithe úinéireachta ar a leag sé amach go soiléir a rogha gan aon chumarsáid margaíochta a fháil ó Vodafone Ireland Limited. Theip ar an ngníomhaire a bhí ag deileáil leis an idirbheart próiseas a leanúint chun roghanna margaíochta an chustaiméara a chur isteach. Dá bharr sin, fuair an custaiméir 14 teachtaireachtaí margaíochta eile gan iarraidh – seacht ríomhphost agus seacht dteachtaireacht téacs. Chiontaigh an Chúirt Vodafone Ireland ar seacht gcúis agus ghearr sí fineálacha €1,400 san iomlán air.

Thoiligh an dá chuideachta cosantóra costais ionchúisimh an DPC a íoc.