FAQs Contact us Pre-GDPR
Gaeilge English

Comhairliúchán poiblí ar Straitéis Rialála an Choimisiúin um Chosaint Sonraí - Comharliúchán ar Spriocthorthaí

04th Mí na Nollag 2019

Tá an Straitéis Rialála nua uainn don tréimhse 2020 go 2025 á hullmhú againn faoi láthair. Ba mhaith linn go gcinnteofaí leis an straitéis nua uainn go mbeidh cuspóir soiléir ann lenár ngníomhaíocht rialála – ar cuspóir é atá soiléir do na daoine a gcosnaímid a gcearta, atá soiléir do na heagraíochtaí a rialálaimid agus atá soiléir dúinn féin agus do rialálaithe eile.

Is é an doiciméad comhairliúcháin seo ar ár Spriocthorthaí an chéad cheann de dhá bhabhta comhairliúcháin phoiblí oscailte a sheolfar mar chuid den Straitéis Rialála nua a fhorbairt. Agus an Straitéis Rialála féin á dréachtú, déanfar anailís chúramach ar na haighneachtaí i scríbhinn a gheofar le linn an chéad bhabhta seo.

Agus an straitéis á hullmhú againn, rachaimid i gcomhairle leis an oiread daoine agus is féidir.

  • Ba mhaith linn breithniú a dhéanamh ar thuairimí ár ngeallsealbhóirí éagsúla, go háirithe tuairimí na ndaoine den phobal a bhféachaimid le seasamh lena gcearta cosanta sonraí.

Leagfar tosaíochtaí rialála an Choimisiúin amach go soiléir sa straitéis.

  • Ba mhaith linn léargas agus cinnteacht níos fearr a thabhairt d’eagraíochtaí agus do dhaoine ar an dóigh a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún rialáil a dhéanamh chun an tionchar is mó is féidir a bhaint amach.

Is leis an straitéis nua a threorófar an dóigh a gcomhlíonfaimid ár n-oibleagáidí.

  • Ba mhaith linn ár gcumhachtaí rialála a fheidhmiú ar bhealach a sheasann leis na cearta cosanta sonraí atá ag an oiread daoine agus is féidir agus a bhainfidh an tionchar is mó is féidir amach thar an bhfadtéarma agus an méid sin a dhéanamh laistigh de na hacmhainní atá ar fáil dúinn.

Glacfar le haighneachtaí don chéad bhabhta comhairliúcháin phoiblí go dtí an 24 Eanáir 2020.

Tá an comhairliúchán seo dúnta.

Íoslódáil an Cháipéis Comhairliúcháin

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún inneachar na n-aighneachtaí uile a gheofar a fhoilsiú ar a shuíomh Gréasáin freisin. Ach amháin i gcás go n-iarrfaidh údar na haighneachta, mar dhuine aonair, nach n-aithneofaí é/í, foilseofar aitheantas an údair i ngach cás.