Suirbhé ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí chun scrúdú a dhéanamh ar an bhfeasacht agus an tuiscint atá ag clubanna spóirt ar chosaint sonraí

13th Mí Feabhra 2024

Le linn na míosa seo, eiseoidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) ceistneoir suirbhé chuig sampla ionadaíoch de chlubanna spóirt in Éirinn, idir chlubanna spóirt i réimse an spóirt dheonaigh agus chlubanna spóirt i réimse an spóirt ghairmiúil. Cabhróidh an suirbhé leis an gCoimisiún foghlaim faoi leibhéal na feasachta agus na tuisceana ar chosaint sonraí atá ann san earnáil spóirt.

Aithníonn an Coimisiún an ról tábhachtach a imríonn an spórt ag gach leibhéal de shochaí na hÉireann, go háirithe an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht leanaí sa spórt. Tá sé mar aidhm leis an teagmháil seo cabhair agus treoir a thabhairt dóibh sin san earnáil spóirt agus iad ag iarraidh na hoibleagáidí cosanta sonraí atá orthu a chomhlíonadh. Aidhm eile atá léi is ea cabhrú le daoine a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí spóirt tuiscint níos fearr a ghnóthú ar na cearta atá acu faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).

Leagfar díriú sa suirbhé ar an úsáid a bhaintear as an teicneolaíocht chun sonraí feidhmíochta imreoirí a bhailiú agus a anailísiú, ar cé acu atá nó nach bhfuil na clubanna ar an eolas faoi na hoibleagáidí atá orthu maidir le cosaint sonraí agus an gcuirtear nó nach gcuirtear na himreoirí ar an eolas faoin bpróiseáil sin.  Tabharfar aghaidh ar an trédhearcacht leis an gceistneoir freisin agus lorgófar ann faisnéis mhionsonraithe faoi conas a chuirtear imreoirí ar an eolas faoi phróiseáil a sonraí pearsanta, agus díriú ar leith á leagan ar leanaí agus ar dhaoine óga.

Seolfar an suirbhé chuig clubanna deonacha agus gairmiúla i roinnt spórt difriúil. Áirítear leo sin clubanna a bhfuil baint acu leis na comhlachtaí seo a leanas: Cumann Peile na hÉireann (FAI), Cumann Rugbaí na hÉireann (IRFU), Cumann Lúthchleas Gael (CLG), agus Cumann Pheil na mBan (LGFA).

Beimid in ann na freagraí ar an suirbhé a úsáid chun tuiscint a ghnóthú ar riachtanais na hearnála spóirt maidir le treoir agus chun teagmhálacha ina dhiaidh sin le geallsealbhóirí a éascú.