Cuireann an Coimisiún um Chosaint Sonraí fáilte roimh an ionchúiseamh rathúil is déanaí as Cionta Margaíochta

05th Mí na Nollag 2022

Chuir an Coimisiún um Chosaint Sonraí fáilte inniu roimh thoradh na n-imeachtaí ionchúisimh a rinne sé a thionscnamh ag Cúirt Dúiche an Náis in aghaidh comhlacht foilsitheoireachta, Guerin Media Limited, as An Chill, Co. Chill Dara.

Phléadáil Guerin Media Limited ciontach as trí chúis maidir le sáruithe ar na rialacháin a bhaineann le cumarsáidí margaíochta a sheoladh gan iarraidh (Rialacháin 13 d’Ionstram Reachtúil 336 ó 2011). Bhain an trí chúis le ríomhphoist margaíochta a sheoladh gan iarraidh le beirt daoine aonair gan a dtoiliú a fháil.

Chiontaigh an Chúirt an comhlacht sna trí chúis agus ghearr sí trí fhíneáil €2,000, i.e. €6,000 san iomlán. Tugadh sé mhí don chomhlacht chun na fineálacha a íoc.

Léirítear leis na fíneálacha a ghearradh le linn imeachtaí na cúirte inniu cé chomh dáiríre a bhfuil an chúirt faoin iompar coiriúil a luadh san fhianaise. Ba cheart go gdtabharfaidh toradh an lae inniu meabhrú d’aon eagraíocht a nglacann páirt in aon fhoirm de mhargaíocht leictreonach, ar nós trí ríomhphost, teachtaireacht téacs, nó mangaireacht fóin, go bhféadfadh an Coimisiún um Chosaint Sonraí ionchúiseamh coiriúil a thionscnamh mura gcloítear leis na rialacháin.