Seoltar gníomh forfheidhmithe chomhordaithe ar an gceart rochtana

19th Mí Márta 2024

Tá áthas ar an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) a fhógairt go mbeidh sé páirteach sa Chreat Forfheidhmithe Chomhordaithe de chuid an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí don bhliain 2024. Beidh 31 Údarás Maoirseachta ar fud an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch páirteach sa Chreat ar fud na bliana 2024, a bheidh dírithe ar an “gceart rochtana” i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Tá an ceart rochtana i gcroílár na cosanta sonraí agus bíonn sé ar cheann amháin de na cearta cosanta sonraí is minice a fheidhmítear. Go háirithe, cuireann sé ar chumas daoine a sheiceáil cé acu a phróiseálann nó nach bpróiseálann eagraíochtaí a sonraí pearsanta ar bhealach comhlíontach. Ina theannta sin, is minic a chuireann sé ar chumas daoine cearta eile cosanta sonraí a fheidhmiú, amhail an ceart go ndéanfaí ceartúcháin agus an ceart go ndéanfaí léirscriosadh.

 

Glacfaidh an Coimisiún páirt sa ghníomh seo trí cheistneoirí a sheoladh chuig 30 rialaitheoir sonraí ar fud na n-earnálacha poiblí agus príobháideacha chun cabhrú le cleachtadh aimsiú fíoras. Déanfar na torthaí a chomhiomlánú agus a anailísiú ar bhealach comhordaithe, rud as a dtiocfaidh tuarascáil uile-Eorpach lena nginfear léargas níos doimhne ar an dóigh a gcuireann eagraíochtaí Treoirlínte 01/2022 ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí maidir le cearta ábhar sonraí chun feidhme. 

 

Tá an gníomh seo ar an tríú tionscnamh faoin gCreat Forfheidhmithe Chomhordaithe, a n-áirítear lena chuid cuspóirí comhoibriú a chothú idir údaráis chosanta sonraí, rud atá ag teacht le Straitéis Rialála an Choimisiúin um Chosaint Sonraí 2022-27 chun comhoibriú agus cumarsáid a dhéanamh le húdaráis chosanta sonraí is piaraí ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn. Rannchuidigh an Coimisiún leis an ngníomh faoin gCreat Forfheidhmithe Chomhordaithe maidir le hainmniú agus staid na nOifigeach Cosanta Sonraí sa bhliain 2023. Foilsíodh tuarascáil ar thorthaí an tionscnaimh sin an 17 Eanáir 2024.

 

Tuilleadh faisnéise:

Preaseisiúint ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí an 28 Feabhra 2024 

Treoirlínte 01/2022 ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí maidir le cearta ábhar sonraí