Ráiteas ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí maidir le nithe a bhaineann leis an gCárta Seirbhísí Poiblí

16th Mí Lúnasa 2019

Tar éis dó imscrúdú fada mionsonraithe a chur i gcrích, d’fhoilsigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) na fionnachtana uaidh inniu ar ghnéithe áirithe den Chárta Seirbhísí Poiblí.

An réasúnaíocht taobh thiar den imscrúdú

Is é atá i gceist leis an gCárta Seirbhísí Poiblí (agus leis an gcóras clárúcháin atá taobh thiar de, rud ar a dtugtar SAFE 2) ná méideanna móra faisnéise pearsanta a bhailiú, a stóráil agus a phróiseáil faoi gach duine sa Stát, beagnach.

Agus an fhaisnéis sin á húsáid acu, déanann gníomhaireachtaí Stáit na mílte cinneadh gach lá a théann i bhfeidhm ar dhaoine aonair den phobal ar bhealaí an-díreach an-suntasach, lena n-áirítear le linn ceadúnais tiomána nó pasanna a eisiúint, le linn a chinneadh cé acu a dheonófar nó a fhionrófar íocaíochtaí nó sochair faoin gcód coimirce sóisialaí agus le linn achomhairc a chomhdú in aghaidh cinntí faoi sholáthar an iompair scoile. I dtéarmaí praiticiúla, bíonn an cumas atá ag duine chun seirbhísí poiblí a rochtain as líne agus ar líne araon ag brath anois, i raon síormhéadaitheach comhthéacsanna, ar Chárta Seirbhísí Poiblí a fháil agus a thabhairt ar aird.

Ó thaobh cúrsaí cosanta sonraí de, tá sé lánsoiléir, mar gheall ar a scála agus a raon feidhme, go gcruthaíonn tionscadal na gCártaí Seirbhísí Poiblí dúshláin mhóra maidir lena chinntiú go n-urramófar croíphrionsabail chosanta sonraí le linn an tionscadal a oibriú. 

Mar shampla, an bhfuil trédhearcacht agus intuarthacht ann maidir leis an gcineál faisnéise a bhailítear agus maidir leis an dóigh a n-úsáidfear í?

Cén dóigh a dtéann oibriú an chórais i bhfeidhm ar an gcumas atá ag gach duine chun smacht fiúntach a fheidhmiú ar a f(h)aisnéis phearsanta?

Cé na coimircí agus na rialuithe a cuireadh isteach sa chóras?

An bhfuil an córas bunaithe ar bhunús dlí atá comhleanúnach agus in-sainaitheanta agus atá ag teacht leis na forálacha is infheidhme den dlí cosanta sonraí?

Ghabh an Coimisiún air féin tabhairt faoi imscrúdú chun teacht ar fhreagraí ar na ceisteanna sin agus chun measúnú a dhéanamh, ar deireadh, ar a dhleathaí ó thaobh cúrsaí cosanta sonraí de atá an córas a cuireadh chun feidhme.

Raon feidhme an imscrúdaithe

Cé gur díríodh san imscrúdú ar raon níos leithne saincheisteanna, is le dhá shaincheist thábhachtacha a bhaineann na fionnachtana ar leith atá á bhfoilsiú inniu:

  1. Scrúdaíomar an bunús dlí ar a bpróiseáiltear sonraí pearsanta i ndáil leis an gCárta Seirbhísí Poiblí. 
  2. Scrúdaíomar freisin cé acu a shásaíonn nó nach sásaíonn an fhaisnéis a sholáthraítear d’ábhair shonraí faoin dóigh a bpróiseáiltear a sonraí pearsanta i ndáil leis an gCárta Seirbhísí Poiblí na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme ó thaobh trédhearcachta de.

Eiseofar tuarascálacha agus fionnachtana eile ar roinnt saincheisteanna eile tráth níos déanaí.

An creat dlíthiúil

Ós rud é go raibh scéim na gCártaí Seirbhísí Poiblí (agus an t-imscrúdú uainn) ar siúl roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (an Rialachán Ginearálta), ba trí thagairt do na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003, a thángthas ar na fionnachtana seo. (Sainordaítear é sin go sonrach le píosa reachtaíochta náisiúnta a tugadh isteach sa bhliain 2018 chun cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin Ghinearálta a éascú, ba é sin, an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018).

Beag beann air sin, is é atá sa tuarascáil a tugadh don Roinn freisin ná anailís (neamhcheangailteach) ina ngabhtar na hathruithe ar an dlí a tugadh isteach leis an Rialachán Ginearálta.

Fionnachtana

Leagtar ocht bhfionnachtain san iomlán amach sa tuarascáil. Is leis an mbunús dlí a bhaineann trí cinn díobh agus is le trédhearcacht a bhaineann na cúig cinn eile.

seacht gcinn de na hocht bhfionnachtain contrártha do sheasaimh a chuir an Roinn ar aghaidh, sa mhéid go bhfuair an Coimisiún amach nach bhfuil na forálacha is infheidhme den dlí cosanta sonraí á gcomhlíonadh faoi láthair nó nár comhlíonadh iad san am atá thart.

Mar achoimre, fuair an Coimisiún amach:

  • Go bhfuil bunús dlí ann faoin dlí cosanta sonraí is infheidhme do shonraí pearsanta áirithe a bheith á bpróiseáil ag an Roinn i ndáil le Cártaí Seirbhísí Poiblí a eisiúint ar mhaithe le haitheantas aon duine atá ag éileamh sochair, atá ag fáil sochair nó atá ag teacht i láthair ar son sochar a fháil a bhailíochtú.
  • Nach bhfuil aon bhunús dlí ann faoi na dlíthe cosanta sonraí is infheidhme do shonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag an Roinn i ndáil le Cártaí Seirbhísí Poiblí a eisiúint ar mhaithe le hidirbhearta idir daoine aonair agus comhlachtaí poiblí sonraithe eile (i.e. comhlachtaí seachas an Roinn féin); fuarthas amach go háirithe go sáraíonn próiseáil den sórt sin alt 2A de na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003.
  • Gurb amhlaidh, maidir leis an dóigh a gcoinníonn an Roinn, ar bhealach uilechuimsitheach agus ar feadh tréimhse éiginnte, na doiciméid bhunúsacha agus an fhaisnéis bhunúsach a sholáthraíonn daoine atá ag déanamh iarratas ar Chárta Seirbhísí Poiblí, go sáraíonn sí alt 2(1)(c)(iv) de na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003, toisc go mbíonn sonraí den sórt sin á gcoinneáil ar feadh tréimhsí níos faide ná is gá chun na gcríoch a bailíodh iad.
  • Gurb amhlaidh, ó thaobh trédhearcachta de, nach gcomhlíonann an scéim alt 2D de na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003, sa mhéid nach imleor atá an fhaisnéis a sholáthraíonn an Roinn do dhaoine den phobal faoin dóigh a bpróiseáiltear a sonraí pearsanta i ndáil le Cártaí Seirbhísí Poiblí a eisiúint.

Na chéad chéimeanna eile; forfheidhmiú

Shainaithníomar roinnt beart a mbeidh ar an Roinn agus ar chomhlachtaí poiblí eile a úsáideann an Cárta Seirbhísí Poiblí nó a bhíonn ag brath ar an gCárta Seirbhísí Poiblí iad a dhéanamh anois ar mhaithe le scéim na gCártaí Seirbhísí Poiblí a chur i gcomhréir leis an reachtaíocht cosanta sonraí.  Ag aithint dúinn chineál struchtúrtha na n-athruithe a bheidh ag teastáil, áfach, tabharfar tréimhse sé seachtaine don Roinn chun plean cur chun feidhme a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Sainaithneofar sa phlean sin na hathruithe a dhéanfaidh an Roinn ar scéim na gCártaí Seirbhísí Poiblí agus an tréimhse ama ar laistigh di a dhéanfar na hathruithe sin.

Mar sin féin, ceanglófar ar an Roinn dhá bheart shonracha a chur chun feidhme ina n-iomláine laistigh de thréimhse 21 lá:

  1. Ceanglófar uirthi stop a chur leis an bpróiseáil ar fad a dhéanann sí ar shonraí pearsanta i ndáil le Cártaí Seirbhísí Poiblí a eisiúint, i gcás ina mbeidh Cárta Seirbhísí Poiblí á eisiúint ar mhaithe le hidirbheart idir duine den phobal agus comhlacht poiblí sonraithe (i.e. comhlacht poiblí seachas an Roinn féin) agus chuige sin amháin. Is é comhthoradh na fionnachtana sin nach bhféadfaidh aon chomhlachtaí seachas an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí a chur faoi deara nach mór d’aon duine nach sealbhaíonn Cárta Seirbhísí Poiblí cheana féin ceann a fháil mar réamhchoinníoll le haghaidh rochtain a fháil ar na seirbhísí poiblí a sholáthraíonn an comhlacht sin.
  2. Ceanglófar ar an Roinn teagmháil a dhéanamh leis na comhlachtaí poiblí sin a cheanglaíonn go dtabharfaí Cárta Seirbhísí Poiblí ar aird mar réamhchoinníoll le haghaidh idirbhearta a dhéanamh le daoine aonair den phobal. Déanfaidh sí é sin chun fógra a thabhairt dóibh gurb amhlaidh, as seo amach, nach mbeidh an Roinn in ann Cárta Seirbhísí Poiblí a eisiúint chuig aon duine den phobal ar mian leis/léi idirbheart a dhéanamh le haon chomhlacht poiblí den sórt sin (nó seirbhís phoiblí a fháil ó aon chomhlacht poiblí den sórt sin).

Ba cheart do dhaoine den phobal a thabhairt faoi deara nach ndéanann aon ní sna fionnachtana ón gCoimisiún aon difear dá bhailí atá na Cártaí Seirbhísí Poiblí a eisíodh cheana féin ná don dóigh a n-úsáideann daoine aonair iad. Mar an gcéanna, ní dhéanann aon ní sna fionnachtana seo aon difear do dhaoine aonair a úsáideann Cárta Seirbhísí Poiblí faoi láthair chun leas a bhaint as sochair, lena n-áirítear saorthaisteal. Ní chuirtear aon chosc ar an Roinn tuilleadh Cártaí Seirbhísí Poiblí a eisiúint chun na gcríoch sin ach oiread. 

Tráchtaireacht

Agus scéim amhail scéim na gCártaí Seirbhísí Poiblí á tabhairt isteach, is gá cothromaíocht a bhaint amach idir leasanna an Stáit (maidir le tairbhí beartaithe na scéime a rochtain) agus leasanna an duine aonair a bhfuil a f(h)aisnéis phearsanta le bailiú agus le húsáid. Tá an chothromaíocht a baineadh amach idir na leasanna sin atá in iomaíocht lena chéile ina gné lárnach d’aon mheasúnú ar a dhleathaí atá aon scéim den sórt sin.

Ceann de na haidhmeanna a bhí againn le linn an imscrúdaithe uainn ba ea na tosca aonair a théann i bhfeidhm ar an gcleachtadh cothromúcháin sin a shainaithint agus a chur sa mheá. Mar shampla, d’fhéachamar leis an réasúnaíocht taobh thiar den scéim a shainaithint; mar an gcéanna, d’fhéachamar lena fháil amach cén dóigh ar athraigh an réasúnaíocht sin de réir mar a d’athraigh agus a leathnaigh cur i bhfeidhm na scéime féin; d’fhéachamar ansin leis an réasúnaíocht sin a mheas in aghaidh an chreata reachtaigh is bun leis an scéim ionas go bhféadfaimis measúnú a dhéanamh ar cé acu a shásaíonn nó nach sásaíonn an scéim ceanglais shonracha na reachtaíochta cosanta sonraí agus ar an dóigh a sásaíonn sí na ceanglais sin.

D’fhéachamar freisin le tairbhí beartaithe na scéime a shainaithint agus lena fháil amach cé acu a gnóthaíodh nó nár gnóthaíodh na tairbhí sin agus, má gnóthaíodh iad, d’fhéachamar lena fháil amach cé acu is féidir nó nach féidir iad a chainníochtú ar bhealach fiúntach agus iad a thomhas in aghaidh cur isteach ar leasanna daoine aonair den phobal a bhfuil a sonraí ina n-ábhar do bhailiú agus do phróiseáil.

Rud a chuaigh i bhfeidhm orainn ar deireadh ba ea cé chomh fada ar shiúl ón gcoincheap bunaidh atá an scéim anois. Cé gur ceapadh an scéim ar dtús chun é a dhéanamh níos éasca seirbhísí poiblí a rochtain (agus a sholáthar) ach úsáid a bhaint as cártaí de chineál ‘slis agus UAP’ le haghaidh idirbhearta cártabhunaithe iarbhír, is é fírinne an scéil nár infheistigh aon chomhlacht earnála poiblí i dteicneolaíocht lena bhféadtar slis ina bhfuil na heilimintí criptithe de thacar sonraí Aitheantais na hEarnála Poiblí a léamh. Ina ionad sin, níl sa chárta anois ach cineál teoranta aitheantais fhótagrafaigh ar ghá teacht ansin ar bhealaí eile ina bhféadfaí é a úsáid.

Maidir leis an údar luaite leis an gcárta – rud a bhaineann le caighdeáin um aitheantas a bhailíochtú agus le calaois a chosc – fuarthas amach go mbíonn cártaí á n-eisiúint i gcásanna áirithe gan ceanglas a chur ar an iarratasóir dul faoin raon iomlán seiceálacha aitheantais. Is ábhar iontais é go bhfuil na critéir is infheidhme i leith eisceachtaí den sórt sin míshoiléir go fóill.

De réir mar a rinneadh bealaí nua ina bhféadfaí an cárta a úsáid a shainaithint agus a chur i bhfeidhm le himeacht ama, is suntasach an rud é gur beag iarracht a rinneadh, nó nach ndearnadh aon iarracht ar bith, chun féachaint arís ar an réasúnaíocht atá taobh thiar den chárta nó ar an gcreat dlíthiúil ar a bhfuil sé bunaithe nó chun breithniú a dhéanamh ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh sé riachtanach na coimircí atá curtha isteach sa scéim a choigeartú ar mhaithe le feidhmeanna nua sonraí a éascú. Ina ionad sin, ba trí athruithe aonuaire a dhéanamh diaidh ar ndiaidh ar an reachtaíocht leasa shóisialaigh atá ann cheana a forbraíodh an cárta. Chruthaigh sé sin staid inarb amhlaidh, inár dtuairim féin, go bhfuil easpa comhleanúnachais ann ó thaobh cúrsaí cosanta sonraí de sa chur chuige atá á ghlacadh i leith an tionscadail. Rud ba thábhachtaí fós, chruthaigh sé staid inar beag fianaise, nó nach bhfuil aon fhianaise ar bith inti, go ndearnadh aon iarracht, trí na comhlachtaí poiblí sin atá páirteach sa scéim, chun leasanna an Stáit a chothromú le leasanna na ndaoine sin den phobal a gceanglaítear orthu an cárta a fháil agus a thabhairt ar aird (agus a bhfaisnéis phearsanta a sholáthar agus iad ag clárú don chárta). Go deimhin, níl aon fhianaise ar bith ann gur athscrúdaíodh aon chothromaíocht den sórt sin gach uair a sainaithníodh bealach nua ina bhféadfaí an cárta a úsáid. Ní féidir glacadh leis an méid sin i gcomhthéacs cosanta sonraí, áit ar gá calabrú cúramach a bheith ann le linn breithniú a dhéanamh ar choigeartuithe ar aon scéim a théann i bhfeidhm, mar gheall ar a cineál féin, ar chearta dlíthiúla atá bunaithe agus tábhachtach.

Is gá go gcuireann na tosca sin bonn eolais faoin anailís ón gCoimisiún ar na saincheisteanna atá ina n-ábhar do na fionnachtana atá á bhfoilsiú inniu.

Foilsiú na Tuarascála ina bhfuil na fionnachtana uainn

Faoi na dlíthe is infheidhme, ní fhéadfaidh an Coimisiún an Tuarascáil uaidh a fhoilsiú gan comhaontú roimh ré a fháil ón Roinn. Scríobh an Coimisiún chuig an Roinn chun iarraidh uirthi a dheimhniú, laistigh de thréimhse seacht lá, cé acu a fhoilseoidh sí an Tuarascáil ar a suíomh Gréasáin féin nó a chomhaontóidh sí leis an Tuarascáil a bheith á foilsiú ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin. Táthar ag feitheamh leis an bhfreagra ón Roinn.