Ráiteas ón gCoimisiún maidir le hImscrúdú Prime Time RTÉ

18th Mí Meán Fomhair 2025

Tháinig an Coimisiún um Chosaint Sonraí ar an eolas faoin ní seo den chéad uair nuair a chuaigh Prime Time i dteagmháil leis, agus tá an-imní orainn faoi. Is féidir le sonraí suímh méid suntasach faisnéise a nochtadh faoi dhaoine aonair, lena n-áirítear faisnéis faoi nósanna agus pearsantacht aon duine aonair, agus faisnéis atá íogair ó nádúr. Is féidir le faisnéis faoi shuíomh duine aonair riosca tromchúiseach a chruthú do shlándáil agus folláine an duine aonair freisin.

Táimid ag obair faoi láthair chun an bróicéir sonraí atá i gceist a shainaithint agus, má tá ceanncheathrú an bhróicéara sin lonnaithe in Éirinn, is sinne a dhéanfaidh an ghníomhaíocht ina leith. Má tá ceanncheathrú an bhróicéara lonnaithe i dtír eile den Aontas, áfach, rachaimid i dteagmháil leis an údarás ábhartha Cosanta Sonraí chun déileáil leis an ní.