Seolann an Coimisiún um Chosaint Sonraí Foireann Uirlisí maidir le Cumhdach Aosach chun Sonraí Aosach Soghonta a Chosaint

31st Mí Iúil 2025

Sheol an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) Foireann Uirlisí nua maidir le Cumhdach Aosach inniu chun treoir agus acmhainní a thabhairt d’eagraíochtaí agus daoine aonair chun gur féidir leo sonraí pearsanta aosach soghonta a chosaint*. Is é aidhm an tionscnaimh seo comhlíonadh na reachtaíochta cosanta sonraí a chinntiú agus dea-chleachtais maidir le faisnéis íogair a chumhdach a chur chun cinn.

Tá san fhoireann uirlisí treoir chuimsitheach maidir le conas sonraí a bhaineann le haosaigh shoghonta a bhailiú, a úsáid, a stóráil agus a chomhroinnt agus, an tráth céanna, cloí le prionsabail an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus an Achta um Chosaint Sonraí, 2018. Áirítear léi comhairle phraiticiúil, teimpléid, agus samplaí chun cabhrú le heagraíochtaí bearta éifeachtacha cosanta sonraí a chur chun feidhme.

Ag seoladh an lae inniu, leag Des Hogan agus Dale Sunderland, na Coimisinéirí Cosanta Sonraí, béim ar a thábhachtaí atá sé go n-aithneodh an tsochaí na riachtanais chumhdaigh atá ag aosaigh shoghonta, agus iad ag rá:

“Aithníodh sábháilteacht grúpaí soghonta mar phríomhthosaíocht i Straitéis Rialála an Choimisiúin don tréimhse 2022 – 2027. Is eol dúinn gur féidir le haosaigh shoghonta teacht ar dhúshláin uathúla maidir lena sonraí pearsanta a chosaint agus, mar thoradh ar an bhfoireann uirlisí seo a bhfuil lúcháir orainn í a sheoladh inniu, is ag eagraíochtaí anois atá na huirlisí agus an t-eolas is gá chun an fhaisnéis sin a chumhdach, mar aon lena chinntiú go n-urramaítear i gcónaí na cearta atá ag daoine aonair soghonta.”

Dúirt David Murphy, Leas-Choimisinéir an Choimisiúin, freisin:

“Chuir an Coimisiún an doiciméad seo le chéile trí dhlúth-chomhoibriú luachmhar le geallsealbhóirí san earnáil cumhdaigh, lena n-áirítear Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, SAGE Advocacy agus Cumhdach Éireann. Mar thoradh ar an bhFoireann Uirlisí seo, cabhrófar le heagraíochtaí a oibríonn le haosaigh atá i mbaol, go háirithe suíomhanna cúram sláinte agus cúraim shóisialaigh. Toradh eile a bheidh uirthi is ea go gcabhrófar le baill foirne cinntí muiníneacha a dhéanamh ar chosaint sonraí, lena n-áirítear comhroinnt sonraí, bunaithe ar mheasúnú eolach ar riosca, agus leas á bhaint acu as a saineolas gairmiúil ar sheirbhísí cúraim shóisialaigh.”

D’fhreastail ionadaithe do sholáthraithe cúram sláinte, d’eagraíochtaí cúraim shóisialaigh, do ghairmithe dlí agus do ghrúpaí tathanta ar an seoladh inniu.

Is mian leis an gCoimisiún buíochas a ghabháil leo seo a leanas a thug cúnamh luachmhar le linn an tionscadail seo trí aighneachtaí i scríbhinn, trí chruinnithe comhairliúcháin agus trí phléití, i measc nithe eile:

  • SAGE Advocacy
  • Líonra Cosanta Sonraí Fevdol
  • HIQA
  • Oifig Náisiúnta Cumhdaigh FSS
  • Cumhdach Éireann
  • An tSeirbhís Tacaíochta Cinntí
  • An tOspidéal Náisiúnta Athshlánúcháin
  • An Coimisiún Meabhair-Shláinte
  • An Fóram Ospidéal Deonach
  • Cónaidhm Baincéireachta agus Íocaíochtaí na hÉireann

Is mian leis an gCoimisiún buíochas a ghabháil freisin leo sin nach bhfuil ainmnithe ach a chomhroinn eispéiris phearsanta a bhaineann le cumhdach aosach chun bonn eolais a chur faoin treoirdhoiciméad seo.

Image of the Adult Safeguarding Toolkit guidance document
Tá an Fhoireann Uirlisí maidir le Cumhdach Aosach ar fáil lena híoslódáil anois (9.6 MB, PDF)


* Is é is aosach atá i mbaol/aosach soghonta ann duine, mar gheall ar an riocht fisiciúil nó meabhrach atá air/uirthi nó ar shaintréithe pearsanta ar leith eile nó ar imthoisc teaghlaigh nó saoil (cibé acu is imthoisc bhuan nó imthoisc shealadach í), atá i staid shoghonta agus/nó atá i mbaol díobhála agus a dteastaíonn tacaíocht uaidh/uaithi chun é/í féin a chosaint ar dhíobháil ag am ar leith. Cé nach liosta uileghabhálach é seo, is féidir go n-áireofar le daoine den sórt sin daoine aonair a bhfuil riochtaí fisiciúla nó meabhrach orthu (amhail lagú cognaíoch, néaltrú, gortú inchinne faighte), leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu agus atá ag druidim le lán-aois, daoine aonair atá faoi réir foréigean baile nó rialú comhéigneach, daoine aonair gan dídean, daoine aonair atá faoi réir drochúsáid airgeadais, agus daoine aonair a ndearnadh gáinneáil orthu.