Ráiteas ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí maidir le Google agus úsáid sonraí suímh

23rd Mí Lúnasa 2018

Tugann Coimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí faoi deara na tuairiscí sna meáin maidir le Google agus sonraí suímh. Ar mhaithe le soiléire, tharla sé, díreach tar éis scéal a fhoilsiú sa Phreas Comhlachaithe (an 15 Lúnasa), gur chuir an Coimisiún roinnt ceisteanna ar Google maidir leis an scéal. D’éiligh an Coimisiún ar an eagraíocht freagra práinneach a thabhairt ar na ceisteanna sin. Thug Google a fhocal dúinn go dtabharfadh sé freagra sna laethanta atá le teacht. A luaithe a gheofar an freagra sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an seasamh ina leith agus cuirfidh sé na chéad bhearta ábhartha eile atá riachtanach i gcrích.