Ráiteas ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí maidir le comhtháthú beartaithe Facebook, WhatsApp agus Instagram

28th Mí Eanair 2019

Cé go dtuigeann sé gur ag céim choincheapúil an-luath dá fhorbairt atá togra Facebook chun ardáin Facebook, WhatsApp agus Instagram a chomhtháthú lena chéile, d’iarr an Coimisiún um Chosaint Sonraí in Éirinn ar Facebook Ireland faisnéis a thabhairt dó mar ábhar práinne ar a bhfuil beartaithe ag an gcuideachta. Déanfaidh an Coimisiún iniúchadh dlúth ar phleananna Facebook de réir mar a fhorbraítear iad, go háirithe a mhéid a bhaineann siad le sonraí pearsanta a chomhroinnt agus a chumasc idir na cuideachtaí difriúla de chuid Facebook. Tháinig mórábhair imní chosanta sonraí chun cinn as tograí roimhe chun sonraí a chomhroinnt idir cuideachtaí Facebook agus beidh an Coimisiún ag iarraidh luathdhearbhú a fháil go gcuirfidh Facebook gach ábhar imní den sórt sin san áireamh go hiomlán agus an togra á fhorbairt tuilleadh aige. Is gá a chur in iúl go soiléir nach bhféadfar an comhtháthú beartaithe a chur i gcrích san Aontas Eorpach ach amháin i gcás go mbeidh sé in ann na ceanglais uile atá sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a chomhlíonadh.