Ráiteas ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí faoi Buiséad 2022

12th Mí Deireadh Fomhair 2021

Cuireann an Coimisinéir Helen Dixon fáilte roimh an gcistiú breise €4.1 milliún, mar a chuireann an Coimisiún um Chosaint Sonraí le forfheidhmiú dlí an AE maidir le cosaint sonraí

Chuir an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) fáilte inniu roimh an gcistiú breise €4.1 milliún atá le leithdháileadh ar an oifig, mar a d’fhógair an Rialtas i mBuiséad 2022. Mar thoradh ar an gcistiú méadaithe, beidh leithdháileadh cistiúcháin iomlán an Choimisiúin cothrom le €23.2 milliún. Is ionann é sin agus méadú 22% eile ar an leithdháileadh don bhliain 2021.

Ag labhairt di faoin gcistiú breise, dúirt Helen Dixon, an Coimisinéir um Chosaint Sonraí, “agus a thugann an DPC faoina Straitéis uaillmhianach le haghaidh 2022-2027, cuirimid fáilte mhór roimh an aitheantas leanúnach a thugann an Rialtas ar an ghá le hacmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil d’údarás neamhspléach um chosaint sonraí. Cé go mbíonn sochaithe, rialtas agus gnó bunaithe ar shonraí níos mó inniu ná riamh, tá maoirseacht cúramach ón DPC ag teastáil le cinntiú go ndéantar cearta cosanta sonraí daoine aonair a chur san áireamh agus a chosaint. Le 12 mí anuas, chuir an DPC go mór lena ghníomhaíocht forfheidhmithe mar a thugtar imscrúduithe móra chun críche, agus ní mór don obair seo leanúint ar aghaidh agus méadú in éineacht le ról an DPC i dtreoir a thabhairt d’eagraíochtaí maidir le comhlíonadh.”

Tagann fás ar ualach oibre an DPC bliain ar bhliain. In 2020 amháin, fuair an DPC níos mó ná 35,000 teagmháil, lena n-áirítear 10,000 glao gutháin agus 23,200 ríomhphost. Rinneadh 10,151 cás aonair a láimhseáil agus tugadh níos mó ná 60% de na gearáin a thaisceadh leis an DPC i gcrích taobh istigh de bhliain féilire. A bhuí leis an gcistiú méadaithe, beidh an Coimisiún in ann níos mó na 40 foireann nua a earcú, go háirithe iad siúd a bhfuil tacar sainscileanna acu i reimsí mar imscrúdú, teicneolaíocht agus dlí.

Mar fhocal scoir, dúirt an Coimisinéir, “beidh an t-ardú i mbuiséad 2022 an-tábhachtach mar bhonn faoin DPC ina ról mar phríomhúdarás maoirseachta an AE i dtaca le go leor de na hardáin idirlín is mó ar domhan agus mar thoradh chun cinntiú go seasfar le cearta daoine aonair maidir le cosaint sonraí.”