Ráiteas an DPC maidir le cinneadh an CJEU

16th Mí Iúil 2020

Tá fáilte mhór curtha ag an gCoimisiúin um Chosaint Sonraí (DPC) inniu maidir le breithiúnas Chúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE).  

Chuir an DPC tús leis na himeachtaí seo in 2016 mar go raibh imní air go raibh le tuiscint ó bhreithiúnas an CBAE in 2015 i ndáil le Tearmann, agus é tuigthe i gceart, go raibh sé tugtha le fios go raibh aistrithe sonraí AE-SAM, ar chúiseanna a bhain le struchtúr chóras dlí na Stát Aontaithe, fabhtach ó nádúr agus chuige sin go díreach. Ina theannta sin, bhí siad fabhtach de bharr cibé sásra dlí a tugadh faoi na haistrithe den sóirt sin.

Cé go bhfuil srianta i gceist, ar bhealach, trí fhíricí a bhaineann go sonrach le gearáin an Uasail Schrems in aghaidh Facebook, chun an brath atá ag Facebook ar shásra aistrithe na gClásal Conarthach Caighdeánach  (CCCanna) a chur san áireamh, thug an DPC na himeachtaí seo - agus chuir in aghaidh agóidí ó Facebook agus an tUasal Schrems - go sonrach maidir le ráiteas cinntitheach a dhaingniú ón CBAE maidir lena seasamh i ndáil le príomhshaincheisteanna i leith prionsabail atá i mbaol nuair a aistrítear sonraí pearsanta shaoránach de chuid an AE chuig na Stáit Aontaithe.

Sin é go díreach a chuireann breithiúnas an lae inniu ar fáil, ag tacú go láidir le bunábhar na himní a chuir an DPC in iúl (mar aon le hArd-Chúirt na hÉireann) sa chéill nach bhfuil an chosaint ag saoránach de chuid an AE a éilítear de réir dhlí an AE nuair a aistrítear a gcuid sonraí chuig na Stáit Aontaithe. I dtaca leis seo, cé go bhfuil aistrithe Facebook ar shonraí an Uasail Schrems léirithe go soiléir sa mbreithiúnas, níl dabht ar bith ach go síneoidh raon an bhreithiúnais níos faide ná sin, ag tabhairt aghaidh ar sheasamh shaoránaigh an AE go ginearálta.

D'aontaigh an Chúirt le tuairim an DPC chomh maith, is é sin, cibé sásra a úsáidtear chun sonraí a aistriú chuig an tríú tír, ní mór an chosaint a thugtar do shaoránaigh de chuid an AE i ndáil leis na sonraí sin a bheith ar chomhchéim go bunúsach leis an gcosaint a thugtar dóibh laistigh den AE.

Mar léiriú ar an gcastacht a bhaineann le go leor de na saincheisteanna dlí a dteann sé i ngleic leo, is iomaí sraith a bhaineann leis an mbreithiúnas (agus go deimhin an cás ar fad) lena mbeidh breithniúchán cúramach de dhíth i gcás gach aon cheann sna laethanta agus seachtainí amach romhainn.

Mar sin, fad agus atá pointí prionsabail i bhfeidhm, cé gur thacaigh an Chúirt le seasamh an DPC, rialaigh sí chomh maith go bhfuil sásra aistrithe an CCC a úsáidtear chun sonraí a aistriú chuig tíortha ar fud an domhain, i bprionsabal, bailí, cé go bhfuil sé soiléir, le fírinne, go bhfuil amhras anois ann nuair a chuirtear sásra aistrithe an CCC i bhfeidhm ar aistrithe ar shonraí pearsanta chuig na Stáit Aontaithe.  Is saincheist í seo a mbeidh tuilleadh scrúdú agus scrúdú cúramach le déanamh ina leith, mar gheall go mbeidh measúnuithe le déanamh ar bhonn cás ar chás thar aon ní eile.

Chomh maith le soiléireacht a thabhairt maidir le pointí lena mbaineann substaint, tá ráitis thábhachtacha i ndáil le seasamh i mbreithiúnas an lae inniu maidir le cúrsaí próisis chomh maith, lena n-áireofar cúramaí a leithdháileadh idir rialaitheoirí sonraí agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta mar a bhaineann lena chinntiú go dtugtar cosaint do chearta shaoránaigh de chuid an AE i gcomhthéacs aistrithe sonraí AE/SAM. Cé gur tugadh ar aird tagairt na Cúirte maidir le nach bhfuil údarás maoirseachta ábalta aistrithe sonraí a chur ar fionraí fad agus atá cinneadh leordhóthanach - mar Sciath Phríobháideachais - i bhfeidhm, tuigeann an DPC an ról lárnach nár mhór dó, i gcomhar lena chomhúdaráis maoirseachta ar fud an AE, a ghlacadh sa réimse seo. I dtaca leis seo, táimid ag súil le comhsheasamh a fhorbairt lenár gcomhghleacaithe san Eoraip chun éifeacht shuntasach agus phraiticiúil a thabhairt maidir le breithiúnas an lae inniu.