Ráiteas an Choimisiúin um Chosaint Sonraí maidir le maoiniú i mBuiséad 2021

13th Mí Deireadh Fomhair 2020

Tá fáilte curtha ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) roimh mhaoiniú don oifig ar fiú €19.1 milliún é, mar a d'fhógair an Rialtas i mBuiséad 2021, ardú ar an €16.9 milliún a leithdháileadh don bhliain 2020.

Dúirt an Coimisinéir um Chosaint Sonraí, Helen Dixon, agus í ag cur fáilte roimh an leithdháileadh, "Tá an DPC ar an líne tosaigh i ndáil le rialacháin maidir le cosaint sonraí an AE agus tá an maoiniú méadaithe a fógraíodh inniu, in am atá an-deacair ar fad ó thaobh eacnamaíochta de, ríthábhachtach don DPC chun leanúint de bheith ag cur lena acmhainn mar údarás maoirseachta éifeachtúil ar a bhfuil meas go hidirnáisiúnta. Táimid fíorshásta gur thug an Rialtas cluas don ghá atá ann an dóthain acmhainní a chur ar fáil maidir le rialachán sa réimse seo agus gur thuig sé é sin."

Tá ardú suntasach tagtha ar líon na hoibre sa DPC ó tugadh isteach an GDPR i mBealtaine 2018. Láimhseáil an DPC breis is 85,000 teagmháil chuig an oifig agus fuair breis is 16,000 gearán, 14,000 fógra maidir le sáruithe agus breis is 3,000 iarratas ar threoir ó eagraíochtaí príobháideacha, poiblí agus deonacha i rith an ama sin. Táthar ag súil go leanfar den treocht sin in 2021.

"Is cosúil go bhfuil bliain eile gnóthach i ndán dúinn in 2021. Braitheann daoine aonair ar sheirbhísí an rialtóra chun cuidiú leo i gcás nár éirigh leo a gcearta a chur i bhfeidhm le heagraíochtaí. Chomh maith leis sin, mar rialtóir, ní mór don DPC idirghabháil a dhéanamh i réimsí lena mbaineann riosca córasach do chearta cosanta sonraí an phobail agus leanfaimid de na fiosrúcháin reachtúla atá oscailte againn a thabhairt chun cinn agus a thabhairt chun críche. Leis an maoiniú a leithdháileadh orainn don bhliain 2021 cuirfear ar ár gcumas leanúint de príomhthionscadail straitéiseacha mar an Córas Bainistithe Cás nua a thabhairt chun críche agus tuilleadh forbairt a dhéanamh ar ár mbonneagar IT," a dúirt Helen Dixon.

Rinneadh éascaíocht ar an bhfairsingiú suntasach a rinneadh ar fhoireann an DPC leis na méaduithe ar mhaoiniú a leithdháileadh ar an DPC le blianta beaga anuas, le béim ar bhonn scileanna an rialtóra a neartú i réimsí an dlí, na teicneolaíochta, na n-imscrúduithe agus na cumarsáide agus is ionann an líon ball foirne agus 150 i láthair na huaire. Cuirfidh an méadú ar mhaoiniú don bhliain 2021 ar chumas an DPC a acmhainní a fhairsingiú tuilleadh.