Osclaíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí fiosrúchán reachtúil ar Quantcast International Limited

02nd Mí Bealtaine 2019

Ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí, léirigh daoine aonair agus daoine a thacaíonn leis an bpríobháideacht an-imní maidir le hiompar na gcuideachtaí teicneolaíocha atá i mbun gnó in earnáil na fógraíochta ar line agus maidir leis an tslí ina gcloínn siad leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Ag eascairt as aighneacht chuig an gCoimisiún um Chosaint Sonraí ó Privacy International, tosaíodh fiosrúchán reachtúil de bhun Alt 110 den Acht um Chosaint Sonraí 2018 maidir le Quantcast International Limited. Is é cuspóir an fhiosrúcháin ná chun a fháil amach an bhfuil an chuideachta ag comhlíonadh forálacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí le linn di sonraí pearsanta a phróiseáil agus a chur le chéile chun próifíliú a dhéanamh ar agus úsáid a bhaint as na próifílí a spreagtar le haghaidh fógraíocht spriocdhírithe. Scrúdófar freisin prionsabal an Rialacháin maidir le trédhearcacht agus cleachtas coinneála.