Osclaíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí fiosrúchán reachtúil ar Facebook

25th Mí Aibreán 2019

Thug Facebook fógra don Choimisiún um Chosaint Sonraí gur aimsigh sé go raibh na céadta milliún pasfhocal úsáideora á stóráil aige i bhformáid gnáth-théacs ar a fhreastalaithe inmheánacha. Bhain na pasfhocail sin le daoine a úsáideann Facebook, Facebook Lite agus Instagram. Dá bhrí sin, chuireamar tús an tseachtain seo le fiosrúchán reachtúil ar an tsaincheist sin chun a chinneadh cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon Facebook na hoibleagáidí atá air faoi fhorálacha ábhartha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí.