Foilsíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí an Tuarascáil Bhliantúil uaidh don tréimhse ón 25 Bealtaine go dtí an 31 Nollaig 2018

28th Mí Feabhra 2019

Sheol Helen Dixon, an Coimisinéir um Chosaint Sonraí, an chéad tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún nua um Chosaint Sonraí inniu. Cumhdaítear sa tuarascáil an tréimhse ón 25 Bealtaine go dtí an 31 Nollaig 2018 agus tugtar mionsonraí inti faoi obair údarás cosanta sonraí na hÉireann sa tréimhse tar éis theacht isteach an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (an Rialachán Ginearálta) an 25 Bealtaine 2018.

Áirítear na nithe seo leis na príomhnithe is díol spéise sa Tuarascáil Bhliantúil do 2018:

  • Fuarthas 2,864 ghearán. Fuarthas 4,113 ghearán san iomlán sa bhliain féilire 2018. B’ionann an figiúr sin agus méadú 56% ar an líon gearán (2,642 cheann) a fuarthas sa bhliain 2017.
  • Tuairiscíodh 3,542 shárú bhailí slándála sonraí. Tuairiscíodh 4,740 shárú bhailí slándála sonraí sa bhliain féilire 2018. B’ionann an figiúr sin agus méadú 70% ar an líon sárú bhailí slándála sonraí (2,795 cheann) a thaifeadadh sa bhliain 2017.
  • Fuair an Coimisiún 136 ghearán a bhain le próiseáil trasteorann tríd an sásra nua maidir le hIonad Ilfhreastail a ndearna daoine aonair iad le húdaráis chosanta sonraí eile san Aontas Eorpach.
  • Fuarthas beagnach 31,000 teagmháil trí Aonad Faisnéise agus Measúnaithe an CCS.
  • D’oscail an Coimisiún 31 fiosrúchán dá thoil féin faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018 ar an bhfaireachas a dhéanann an earnáil stáit ar shaoránaigh chun críocha fhorfheidhmiú an dlí trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí amhail TCI, ceamaraí coirp, córais um uathaithint uimhirphlátaí, ladrainn agus teicneolaíochtaí eile.
  • Leantar leis an imscrúdú speisialta ar an gCárta Seirbhísí Poiblí.
  • Osclaíodh 15 fhiosrúchán (imscrúdú) reachtúla maidir leis an dóigh a bhfuil an Rialachán Ginearálta á chomhlíonadh ag cuideachtaí áirithe ilnáisiúnta teicneolaíochta.
  • Imscrúdaíodh 32 ghearán nua faoi I.R. Uimh. 336 de 2011 i ndáil le cineálacha éagsúla margaíochta dírí leictreonaí. Díobh sin, bhain 18 gcinn le margaíocht ríomhphoist, bhain 11 cheann le margaíocht SMS (teachtaireachtaí téacs) agus bhain 3 cinn le teileamhargaíocht. Cuireadh roinnt de na himscrúduithe sin i gcrích tar éis don Choimisiún ionchúisimh a bhaint amach ina leith sa Chúirt Dúiche. Le linn na tréimhse, cuireadh ionchúisimh i gcrích in aghaidh cúig eintiteas i ndáil le 30 cion san iomlán faoi na Rialacháin maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach.
  • Seoladh an chéad sruth de chomhairliúchán poiblí maidir le próiseáil sonraí pearsanta leanaí agus cearta leanaí mar ábhair shonraí faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí an 19 Nollaig 2018.
  • Go mall sa bhliain 2018, chuir an Coimisiún tús le tionscadal suntasach chun straitéis rialála nua cúig bliana de chuid an Choimisiún a fhorbairt. Is é a bheidh i gceist leis sin comhairliúchán seachtrach fairsing a dhéanfar sa bhliain 2019, rud a bheidh ina chuid dílis den anailís agus den bhreithniú a dhéanfaimid ar ár straitéis sheasmhach agus de na conclúidí a dtiocfaimid orthu ina leith.
  • Fuarthas 900 fógra faoi Oifigigh Chosanta Sonraí.
  • Mhéadaigh an líon foirne ó 85 ag deireadh 2017 go 110 ag deireadh 2018.

Ag foilsiú na tuarascála seo di, dúirt Helen Dixon, an Coimisinéir um Chosaint Sonraí: “Léirítear sa mhéadú ar an líon gearán agus ceisteanna cé chomh toilteanach is atá daoine anois dul i ngleic le haon mhí-úsáid a bhraitheann siad a bheith ann nó le haon mhainneachtain míniúchán a thabhairt dóibh ar an úsáid a bhaintear as a sonraí.”

Ag labhairt di faoin tionchar atá ag baint le tabhairt isteach an Rialacháin Ghinearálta, dúirt an Coimisinéir: “Cé go bhfuilimid fós ag obair chun deireadh a chur le roinnt miotas agus míthuiscintí a tháinig chun cinn faoin Rialachán Ginearálta, táimid an-soirbhíoch faoi na feabhsuithe a thiocfaidh ar chleachtais láimhseála sonraí pearsanta in Éirinn thar an gcéad chúpla bliain eile.”

Ag breathnú ar aghaidh di, dúirt an Coimisinéir: “Táimid ag tnúth leis an tráth a ghlacfaidh an tionscal leis na Cóid Iompair agus a bhainfidh an tionscal caighdeáin níos airde ó thaobh cosaint sonraí agus trédhearcachta de amach in earnálacha aonair. Sin é an fáth ar sheolamar comhairliúchán mórscála maidir le próiseáil sonraí leanaí. Léireofar torthaí an chomhairliúcháin sin i nóta treorach dea-chleachtais don tionscal.

Tá an Coimisiún um Chosaint Sonraí i mbun an leathnaithe le ceithre bliana anuas agus leanfaimid ag leathnú. Ag teacht sna sála ar mhórfheachtas earcaíochta a reáchtáladh sa bhliain 2018, chuaigh 25 bhall foirne nua isteach sa Choimisiún faoi dheireadh mhí na Nollag. Chuaigh 25 dhuine eile ar bord ina dhiaidh sin i mí Eanáir 2019, a fhágann go n-oibríonn 135 dhuine sa Choimisiún anois. Earcóimid 30 ball foirne eile i mbliana chun freastal ar éilimh na gcúraimí a leagtar orainn faoin Rialachán Ginearálta agus chun luach poiblí a sholáthar sa réimse seo, ar réimse é atá ríthábhachtach don tsochaí.”

An Chéad Tuarascáil Bhliantúil 25 Bealtaine – 31 Nollaig 2018