Foilsíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí Tuarascáil Bhliantúil 2021

24th Mí Feabhra 2022

Sheol an Coimisinéir um Chosaint Sonraí, Helen Dixon, Tuarascáil Bhliantúil an Choimisiúin um Chosaint Sonraí don bhliain 2021 inniu.

I measc bhuaicphointí thuarascáil bhliantúil 2021 tá:

  • Sa bhliain 2021 fuair an DPC 10,888 fiosrúchán agus gearán ó dhaoine aonair (ardú de 7% ar fhigiúirí na bliana 2020) agus bhí 8,017 acu sin tugtha chun críche faoi dheireadh na bliana;
  • Ar an iomlán thug an DPC 7,081 fiosrúchán chun críche an bhliain seo caite, lena n-áirítear, 826 a bhí faighte roimh an mbliain 2021;
  • Fuarthas 6,549 fógra bailí ar an iomlán maidir le sárú sa bhliain 2021. As an líon iomlán cásanna maidir le sárú a taifeadadh, tugadh 95% chun críche sa bhliain 2021 (6,274 cás).
  • Sa bhliain 2021 chuir an DPC críoch le 5 fiosrúchán mórscála; sheol sé 4 dréacht-chinneadh ar aghaidh go dtí an bpróiseas comh-chinnteoireachta Airteagail 60; atreoraigh sé cás amháin chuig Airteagal 65 a d’eisigh an DPC cinneadh deiridh dá bhun; d’eisigh sé 9 réamhdhréacht eile de chinntí le cur isteach chuig eintitis rialaithe agus gearánaithe sular críochnaíodh iad, agus d’iarr sé aighneachtaí ar ráitis ceiste nó tuarascálacha fiosrúcháin ó pháirtithe ábhartha i 17 fiosrúchan eile.
  • D’fhógair an DPC i mí Meán Fhómhair, go raibh deireadh le himscrúdú GDPR a bhí á dhéanamh ar WhatsApp Ireland Ltd. Bhí an cinneadh faoi réir ag Airteagal 65 den Phróiseas um Réiteach Díospóide, agus d’fhorchuir an DPC fíneáil de €225 milliún ar WhatsApp, chomh maith le hiomardú agus ordú a thabhairt do WhatsApp a gcuid próiseála a chur ar bhonn comhlíontachta.
  • 138 fiosrúchán chun críche maidir le margaíocht dhíreach leictreonach; Rinneadh dá chuideachta telco a ionchúiseamh mar gheall ar theagmháil a dhéanamh le custaiméirí go seasta a raibh rogha déanta acu gan comhfhreagras a fháil;
  • I mí na Nollag 2021 d’fhoilsigh an DPC Iniúchadh Cosanta Sonraí ar Pháirtithe Polaitíochta in Éirinn. Cuireadh an tuarascáil i dtoll a chéile i ndiaidh iniúchtaí cosanta sonraí a rinne an Coimisiún um Chosaint Sonraí i 2021 ar shé pháirtí polaitíochta cláraithe is fiche in Éirinn.
  • I mí na Nollag 2021, tháinig an DPC ar shocrú i ndáil le himeachtaí dlí leis an Roinn Coimirce Sóisialaí (D/SP) ar phróiseáil sonraí pearsanta a bhíonn á dhéanamh an D/SP nuair a bhíonn Cártaí Seirbhíse Poiblí á n-eisiúint.
  • I mí na Nollag 2021, d’fhoilsigh DPC a Straitéis Rialála do 2022-2027, a bheidh mar threochlár don DPC trí thréimhse bhunathraitheach.  Tá fís uaillmhianach leagtha síos ag an DPC maidir leis an méid a chreideann sé a bheidh mar chúig bliana ríthábhachtach i dteacht chun cinn dlí, rialú agus cultúr cosanta sonraí.
  • Mhéadaigh líon na foirne go 190 agus méadaíodh an buiséad go €19.1 milliún (€23.2 milliún in 2022).

 

Dúirt an Coimisinéir um Chosaint Sonraí, Helen Dixon:

“Ba bhliain í 2021 ina raibh torthaí láidre rialála ón CCS, inar bhain sé amach torthaí tioncharacha agus fadréimseacha maidir le cosaint sonraí pearsanta daoine aonair. Is creat-dhlí láidir é an GDPR a éilíonn cuntasacht, cothroime agus trédhearcacht ó gach eagraíocht a phróiseálann sonraí pearsanta. Is léir go leanann “rialaitheoirí sonraí” in Éirinn ag feabhsú a n-iarrachtaí comhlíonta, ach tá gá le caighdeáin níos airde freagrúlachta do dhaoine aonair atá ag iarraidh a gcearta a fheidhmiú i go leor earnálacha. Leanfaidh an CCS ar aghaidh ag díriú ar ghníomhartha forfheidhmithe atá dírithe ar na feabhsuithe riachtanacha sin a thiomáint, chomh maith le cinntí agus cás-staidéir a fhoilsiú ar a shuíomh Gréasáin chun rialtóirí sonraí a threorú i gcur i bhfeidhm an GDPR. Is obair thábhachtach atá idir lámha againn go léir é aidhmeanna an GDPR a fheidhmiú agus ní mór leanúint ar aghaidh. “

 

Tuarascáil Bhliantúil 2021