Fógraíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí fiosrúchán reachtúil ar Facebook

17th Mí na Nollag 2018

Tá An Coimisiún um Chosaint Sonraí tar éis roinnt fógraí sáraithe a fháil ó Facebook ó tugadh an RGCS isteach ar an 25 Bealtaine, 2018. I dtaca leis na sáruithe seo, an sárú faoi thrácht san áireamh, chuireamar tús an tseachtain seo le fiosrúchán reachtúil ag scrúdú géilleadh Facebook le forálacha ábhartha an RGCS.