Fógraíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí fiosrúchán ar na haistrithe a rinne TikTok Technology Limited ar shonraí pearsanta de chuid úsáideoirí sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch chuig freastalaithe atá lonnaithe sa tSín
10th Mí Iúil 2025
D’fhógair an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) inniu go bhfuil sé tar éis fiosrúchán a oscailt ar na haistrithe a rinne TikTok Technology Limited (TikTok) ar shonraí pearsanta de chuid úsáideoirí sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) chuig freastalaithe atá lonnaithe sa tSín Tagann an fiosrúchán seo sna sála ar an gcinneadh ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2025, inar breithníodh freisin na haistrithe a rinne TikTok ar shonraí pearsanta de chuid úsáideoirí in LEE chuig an tSín faoi fhiosrúchán ar leith. Le linn an fhiosrúcháin roimhe sin, áfach, mhaígh TikTok gur trí chianrochtain, agus trí chianrochtain amháin, a rinneadh na haistrithe ar shonraí pearsanta de chuid úsáideoirí in LEE chuig an tSín agus nár stóráladh na sonraí sin ar fhreastalaithe atá lonnaithe laistigh den tSín. Is é sin le rá gur stóráladh sonraí de chuid úsáideoirí in LEE ar fhreastalaithe atá lonnaithe lasmuigh den tSín agus go ndearna baill foirne TikTok laistigh den tSín iad a rochtain go cianda. Dá réir sin, níor breithníodh sa chinneadh ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2025 stóráil sonraí pearsanta de chuid úsáideoirí in LEE ag TikTok ar fhreastalaithe atá lonnaithe sa tSín.
I mí Aibreáin 2025, áfach, chuir TikTok an Coimisiún ar an eolas faoi shaincheist a d’aimsigh sé i mí Feabhra 2025 inarbh amhlaidh dáiríre a stóráladh sonraí teoranta de chuid úsáideoirí in LEE ar fhreastalaithe sa tSín, contrártha don fhianaise a thug TikTok don fhiosrúchán roimhe.
Sa chinneadh ón gCoimisiún, a eisíodh tar éis gabháil don nós imeachta comhair fiosrúcháin le comhrialálaithe san Aontas Eorpach (AE) faoin sásra maidir le hIonaid Ilfhreastail faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), cuireadh an-imní in iúl gur chuir TikTok faisnéis mhíchruinn faoi bhráid an fhiosrúcháin sin. Sa phreasráiteas a d’eisíomar tráth a cuireadh an fiosrúchán sin i gcrích, luaigh an Coimisiún go bhfuilimid “ag tabhairt an-aird ar na forbairtí” sin agus go bhfuil “breithniú á dhéanamh againn, i gcomhairle lenár bpiar-Údaráis Cosanta Sonraí san Aontas Eorpach, ar cén ghníomhaíocht rialála breise a bhféadfadh go mbeadh údar léi”. Mar thoradh ar an mbreithniú sin, chinn an Coimisiún an fiosrúchán nua seo a oscailt ar TikTok.
An cinneadh chun an fiosrúchán a thosú faoi alt 110 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, rud a rinne an Dr Des Hogan agus an tUas. Dale Sunderland, na Coimisinéirí Cosanta Sonraí, cuireadh in iúl do TikTok é níos luaithe an tseachtain seo. Is é cuspóir an fhiosrúcháin a chinneadh cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon TikTok na hoibleagáidí iomchuí atá air faoi RGCS i gcomhthéacs na n-aistrithe atá i gceist anois, lena n-áirítear a dhlíthiúla a bhí na haistrithe de bhun Chaibidil V RGCS.[1]
Breithneofar san fhiosrúchán na forálacha seo a leanas de RGCS: Airteagal 5(2) (cuntasacht), Airteagal 13(1)(f) (faisnéis trédhearcachta i ndáil le haistrithe tríú tír), Airteagal 31 (oibleagáid chun obair i gcomhar leis an údarás maoirseachta) agus Caibidil V RGCS (ceanglais ábhartha a chomhlíonadh maidir le haistrithe tríú tír).
[1] Le RGCS, tugtar ardleibhéal cosanta do shonraí pearsanta ar fud LEE agus tugtar cearta cosanta sonraí do dhaoine aonair. Nuair a aistrítear sonraí pearsanta lasmuigh de LEE, is féidir leis sin bac a chur ar an gcumas atá ag daoine aonair chun cearta a fheidhmiú agus is féidir leis dul timpeall ar an ardleibhéal cosanta sin. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach nach mbainfí an bonn den leibhéal cosanta a áirithítear le RGCS i gcás na n-aistrithe sin. Dá réir sin, ní fhéadfar aistrithe sonraí pearsanta a dhéanamh ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil V RGCS. Cinntítear leis sin go leanfar leis an ardleibhéal cosanta a thugtar laistigh den Aontas Eorpach i gcás go n-aistreofar sonraí pearsanta chuig tríú tír.
Foráiltear le hAirteagal 45(1) RGCS go bhféadfar aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tír a údarú le cinneadh ón gCoimisiún Eorpach a mbeidh d’éifeacht leis go n-áiritheoidh an tríú tír, críoch nó ceann amháin nó níos mó d’earnálacha sonraithe laistigh den tríú tír sin leibhéal leordhóthanach cosanta (“Cinneadh Leordhóthanachta”).
Go dtí seo, rinne an Coimisiún Eorpach Cinntí Leordhóthanachta maidir leis na tíortha seo a leanas: Andóra, an Airgintín, Ceanada, Oileáin Fharó, Geansaí, Iosrael, Oileán Mhanann, an tSeapáin, Geirsí, an Nua-Shéalainn, Poblacht na Cóiré, an Eilvéis, an Ríocht Aontaithe, SAM agus Uragua.
Is amhlaidh faoi RGCS, i gcás go mbeidh sé beartaithe ag eagraíocht (“Rialaitheoir Sonraí”) sonraí pearsanta a aistriú lasmuigh d’AE/de LEE chuig tríú tír agus nach mbeidh aon Chinneadh Leordhóthanachta ann idir AE agus an tríú tír sin, nach bhféadfar aistrithe den sórt sin a dhéanamh ach amháin má chomhlíontar forálacha infheidhme eile de RGCS (Caibidil V), amhail Clásail Chonarthacha Chaighdeánacha. Leis na forálacha sin, cuirtear an fhreagracht ar an eagraíocht a fhíorú, a ráthú agus a thaispeáint go ráthaítear le dlí agus cleachtais na tíre sin leibhéal cosanta atá coibhéiseach go bunúsach leis an leibhéal cosanta sin a ráthaítear laistigh d’AE.