Fáilte curtha ag Oifig An Choimisinéra Cosanta Sonraí roimh an ionchúiseamh is deireanaí maidir le Cionta Margaíochta

05th Mí Feabhra 2018

FÁILTE CURTHA AG OIFIG AN CHOIMISINÉARA COSANTA SONRAÍ ROIMH AN IONCHÚISEAMH IS DEIREANAÍ MAIDIR LE CIONTA MARGAÍOCHTA

 

Tá fáilte curtha ag Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí roimh an toradh a bhí ar imeachtaí ionchúisimh a tugadh os comhair Chúirt Dúiche an Náis inniu i gcoinne cuideachta foilsitheoireachta, Guerin Media Limited sa Chill, Co. Chill Dara.

Guerin Media Limited

Phléadáil Guerin Media ciontach i gceithre chúis shamplacha as ceathracha a dó cúis san iomlán maidir le sáruithe ar na rialacháin a bhaineann le cumarsáid margaíochta gan iarraidh a sheoladh (Rialachán 13 d'Ionstraim Reachtúil 336 de 2011). Bhain trí cinn de na cásanna samplacha le ríomhphoist mhargaíochta gan iarraidh a seoladh chuig triúr gan a gcead chuig seoltaí ríomhphoist oibre. Bhain an ceathrú cúis shamplach le gan seoladh bailí a bheith ar fáil d'fhaighteoirí na ríomhphost chun díliostáil ó gan a thuilleadh de na ríomhphoist mhargaíochta sin a fháil (feidhm díliostála)

San fhianaise a thug an Coimisinéir Cúnta Cosanta Sonraí, Tony Delaney, dúradh gur thug Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí rabhadh don chuideachta roimhe sin i mí na Samhna 2013 agus arís i mí Márta 2016 faoi a bheith ag seoladh ríomhphoist mhargaíochta gan iarraidh gan cead agus gan bealach le díliostáil uathu. Dúradh sa chúirt go raibh gearán déanta ag seachtar le hOifig an Choimisinéara faoi Guerin Media Limited ón mbliain 2013.

Chiontaigh an Chúirt an chuideachta sna ceithre chúis agus ghearr ceithre fhíneáil uirthi, €1,000 an ceann, i.e. €4,000 san iomlán. Tugadh sé mhí don chuideachta na fíneálacha a íoc.

Dúirt an tUasal Delaney tar éis imeachtaí an lae inniu:

"Léirigh na fíneálacha a gearradh le linn imeachtaí cúirte an lae inniu chomh dáiríre is atá an chúirt faoin iompar sáraithe a ndearnadh cur síos air san fhianaise. Gné amháin ar leagadh suntas uirthi ná chomh deacair is a bhí sé ag gearánaigh, arís agus arís eile, díliostáil óna thuilleadh cumarsáid mhargaíochta gan iarraidh agus nach raibh aon rogha acu ansin ach gearáin a dhéanamh leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí nuair nár éirigh leis na hiarrachtaí a rinne siad plé leis an gcuideachta féin.   Leag an chúirt béim ar leith freisin ar an rabhadh a tugadh don chuideachta ar dhá ócáid eile mar gheall ar imscrúdúcháin a ndeachthas ina mbun maidir lena cleachtais mhargaíochta ar ríomhphost mar thoradh ar cheithre ghearán eile a rinneadh roimhe sin. Ba chóir gur meabhrúchán a bheadh i dtoradh an lae inniu do gach eagraíocht a mbíonn baint acu le haon chineál margaíochta leictreonaí, más ar ríomhphost, ar theachtaireachtaí téacs nó ar mhangaireacht fóin é, go bhféadfadh ionchúiseamh choiriúil a bheith mar thoradh ar neamhchomhlíontacht na rialachán ag Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí.

Críoch.

Déan teagmháil le Graham Doyle, Ceann na Cumarsáide, An Coimisinéir Cosanta Sonraí i dtaobh fiosruithe ó na meáin

Fón póca 087-9392359

Ríomhphost. media@dataprotection.ie