Déanann an Coimisiún um Chosaint Sonraí machnamh ar an gcéad bliain den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

24th Mí Bealtaine 2019

Rinne an Coimisinéir um Chosaint Sonraí, Helen Dixon, comóradh ar chothrom lae a tháinig an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) i bhfeidhm anuraidh trí aitheantas a thabhairt inniu don bhaint láidir a fheictear i ngach áit leis an dlí nua. Déanann an RGCS, a tháinig i bhfeidhm ón 25 Bealtaine 2018, tús ré a chinneadh i gcaighdeáin cosanta sonraí san Aontas Eorpach, agus neartaíonn sé cearta daoine aonair agus cuireann sé leis na dualgais ar eagraíochtaí maidir leis an tslí ina bhailíonn siad agus a úsáideann siad sonraí pearsanta.

Ag caint inniu, dúirt Helen Dixon Uasal: “Is ardán láidir nua e an RGCS óna féidir le gach duine ar leith dínn caighdeáin níos airde a éileamh agus a iarraidh maidir le cosaint ar ár bhfaisnéis phearsanta. Mar an údarás náisiúnta maoirseachta, tá an Coimisiún um Chosaint Sonraí (CCS) tiomanta go daingean don ról atá againn maidir le forfheidhmiú poiblí an dlí nua, chomh maith le bheith ag obair go dian chun treoir a chur ar fáil do earnálacha le linn dóibh iarracht a dhéanamh cloí leis na riachtanais nua.

“Tá an CCS buíoch as an bhaint dhearfach fhuinniúil leis an RGCS atá feicthe againn as gach cearn, go háirithe ó thomhaltóirí agus ó dhaoine imníocha a chuir ceisteanna leis an oifig maidir le próiseáil a sonraí pearsanta.”

Spreag an RGCS méadú suntasach ar theagmhálacha leis an gCoimisiún le 12 mí anuas:

  • Fuarthas 6,624 ghearán.
  • Fógraíodh 5,818 shárú bhailí slándála sonraí.
  • Fuarthas breis is 48,000 teagmhála trí Aonad Faisnéise agus Measúnaithe an CCS.
  • Osclaíodh 54 fhiosrúchán – fiosrúcháin náisiúnta atá i gceist le 35 dóibh siúd agus fiosrúcháin trasteorann ar chomhlachtaí teicneolaíochta ilnáisiúnta agus a gcomhlíonadh leis an RGCS atá i gceist le 19 dóibh.
  • Fuarthas 1,206 fógraí faoi Oifigigh Cosanta Sonraí.
  • Tháinig méadú ar líon foirne ó 85 ag deireadh 2017 go 137 i mí na Bealtaine 2019.

Ag féachaint chun cinn ar an 12 mí amach romhainn, cuirfidh an CCS críoch le fiosrúcháin a d’oscail sé ar eagraíochtaí éagsúla, imscrúduithe ar ardáin áirithe idirlíon san áireamh. Tabharfaidh sé seo soiléire a theastaigh maidir le léiriú ar eochairphrionsabail an dlí nua agus cuirfidh sé i láthair conas is féidir na cumhachtaí ceartaitheacha agus fíneálacha a chuirtear ar fáil do údaráis um chosaint sonraí a úsáid.