Foilsíonn An Coimisiún um Chosaint Sonraí a Thuarascáil Bhliaintiúil 2020

25th Mí Feabhra 2021

Inniu sheol Helen Dixon, an Coimisinéir um Chosaint Sonraí, Tuarascáil Bhliaintiúil Coimisiúin na hÉireann um Chosaint Sonraí do 2020.

Áirítear na nithe seo leis na príomhnithe is díol spéise sa Tuarascáil Bhliaintiúil 2020:

  • Rinneadh 10,151 cás a láimhseáil i 2020. Sin méadú 9% ar fhigiúirí 2019 (9,337).
  • Fuarthas 4,660 gearán faoin GDPR i 2020.
  • Cuireadh críoch le 4,476 gearán san iomlán i 2020.
  • Tuairiscíodh 6,628 sárú bhailí slándála sonraí i 2020.
  • Fuarthas níos mó ná 35,000 teagmháil trí Aonad Faisnéise agus Measúnaithe an DPC, lena n-áiríodh 10,000 glaoch gutháin agus 23,200 ríomhphost.
  • Ar an 31 Nollaig 2020, bhí 83 fiosrúchán reachtúil ar lámha an DPC, lena n-áiríodh 56 intíre agus 27 fiosrúchán trasteorann.
  • I mí na Bealtaine 2020, chuir an DPC an chéad Dréachtchinneadh mórscala Airteagal 60 na hEorpa chuig na hÚdaráis Mhaoirseachta Ábhartha.
  • Sa mhí chéanna, d’eisigh an DPC a chéad fhíneálacha faoin GPDR, ag gearradh dhá fhíneáil ar leith in aghaidh gníomhaireachta stáit de chuid na hÉireann.
  • Spreag an DPC Meicníocht Réitigh Ghearáin Airteagal 65 an EDPB i 2020; ba é an DPC an chéad údarás maoirseachta a rinne a leithéid.
  • I 2020 d’eisigh an DPC a chéad fhinéail i gcás trasteorann, ag gearradh fíneála €450,000 ar Twitter International Company.
  • Fuair an DPC 354 gearán maidir le próiseáil trasteorann tríd an mheicníocht Ionaid Ilfhreastail.
  • Rinneadh imscrúdú ar 147 gearán nua faoi I.R. Uimh. 336 ó 2011 maidir le cineálacha éagsúla margaíochta leictreonach dhíreach: 66 maidir le margaíocht ríomhphoist; 73 maidir le margaíocht SMS (teachtaireacht téacs); agus cúig maidir le margaíocht gutháin. Tugadh ionchúisimh i gcrích i gcoinne sé eintiteas maidir le cionta faoi na Rialacháin ePríobháideachais.
  • Chuir an DPC tús le comhairliúchán leitheadach maidir lena dhréacht-threoir faoi chearta na leanaí mar ábhair sonraí – Leanaí sa Tosach agus sa Lár: Bunphrionsabail le haghaidh Cur Chuige a Dhíríonn ar Leanaí maidir le Próiseáil Sonraí.
  • Foilsíodh treoir nua maidir le húsáid fianán agus teicneolaíochtaí rianaithe agus thug an DPC faoi fheachtas leitheadach feasachta phoiblí, ag léiriú an rún a bhí aige tús a chur le gníomh forfheidhmiúcháin i rith ceathrú 4 de 2020. Seirbheáladh Fógraí Forfheidhmiúcháin ar sheacht n-eagraíocht le haghaidh neamhchomhlíonadh i mí na Nollag 2020.
  • Fuair an DPC 570 fógra nua faoi Oifigigh Cosanta Sonraí. Bhí 2,166 fógra san iomlán ag deireadh na bliana.
  • Tháinig méadú ar an líon foirne go dtí 145 agus tháinig méadú ar an mbuiséad go dtí  €16.9 milliún (€19.1 milliún i 2021).

Dúirt an Coimisinéir um Chosaint Sonraí, Helen Dixon:

“Tugann an cur chun cinn a rinne an DPC i 2020 ardán láidir dúinn cur lenár bhfeidhmeanna forfheidhmiúcháin agus láimseála gearán go háirithe. Caithfidh go dtuigfear an GDPR mar thionscadal do na laethanta seo ach, mar an gcéanna, don fadtéarma. Tá sé i gceist ag an DPC leanúint mar cheannaire i bhfeidhmiú iomlán an GDPR.”

Coimisiún um Chosaint Sonraí a Thuarascáil Bhliaintúil 2020