Cuireann an Coimisiún um Chosaint Sonraí fáilte roimh an méadú suntasach €3.5 milliún a thiocfaidh ar a leithdháileadh cistiúcháin faoi Bhuiséad 2019

09th Mí Deireadh Fomhair 2018

  • Tiocfaidh méadú €3.5 milliún ar chistiú an Choimisiúin, a fhágann go bhfaighidh sé €15.2 milliún san iomlán sa bhliain 2019
  • Beidh ríthábhacht ag baint leis an gcistiú breise maidir le leanúint leis an gCoimisiún a fhorbairt ina údarás maoirseachta atá gairmiúil agus éifeachtach agus a bhfuil meas idirnáisiúnta air
  • A bhuí leis an gcistiú don bhliain 2019, beifear in ann dul i mbun earcaíocht shuntasach arís eile sa bhliain. Ceapfar thart ar 40 ball foirne, a fhágfaidh go mbeidh thart ar 180 ball foirne san iomlán ag an gCoimisiún
  • Cuirfidh na baill foirne bhreise sin le hacmhainn imscrúdaitheach agus dlí an Choimisiúin agus treiseoidh siad le foireann teicneolaíochta an Choimisiúin chun a chinntiú go leanfaidh an oifig le bheith ar thús cadhnaíochta na rialála ar an dóigh a n-úsáidtear sonraí pearsanta i dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn.

Chuir an Coimisiún um Chosaint Sonraí fáilte inniu roimh an gcistiú breise €3.5 milliún atá le leithdháileadh ar an oifig, mar a d’fhógair an Rialtas i mBuiséad 2019. Mar thoradh ar an gcistiú méadaithe, beidh leithdháileadh cistiúcháin iomlán an Choimisiúin cothrom le €15.2 milliún sa bhliain 2019. Is ionann é sin agus méadú 30% eile ar an leithdháileadh don bhliain 2018.

Ag labhairt di faoin gcistiú breise, dúirt Helen Dixon, an Coimisinéir um Chosaint Sonraí, “Is dea-scéala é gur aithin an Rialtas an gá atá ann le húdarás cosanta sonraí atá neamhspleách agus a bhfuil sách acmhainní aige a chistiú. Mhéadaigh an Rialtas cistiú an Choimisiúin sa bhliain 2014 agus ghabh sé air féin an cistiú sin a choinneáil faoi athbhreithniú leanúnach. Chuir an méid sin ar chumas an Choimisiúin é féin a fhorbairt ina údarás rialála atá oiriúnach don fheidhm i gcomhthéacs na bhfreagrachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta atá orainn faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Éilítear leis an Rialachán Ginearálta ar gach cineál eagraíochta caighdeáin chosanta níos airde a chur i bhfeidhm nuair a phróiseálann siad faisnéis phearsanta daoine. Is é an ról atá ag an gCoimisiún ina leith sin faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta agus é a fhorfheidhmiú.”

Toisc gur mhéadaigh an líon foirne sa Choimisiún go 120 duine sna 3 bliana seo a chuaigh thart, tháinig méadú ar aschuir na hOifige freisin ar aon dul leis an ualach oibre méadaitheach atá uirthi anois. Tá an t-ualach oibre sin ag méadú go suntasach ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta an 25 Bealtaine 2018 i leith, go háirithe i ndáil leis an líon gearán a comhdaíodh agus an líon sáruithe sonraí ar tugadh fógra fúthu.”

Fuarthas 1,700 gearán agus 2,500 fógra faoi sháruithe sonraí ón 25 Bealtaine 2018 i leith. Tá sé sin cothrom le méadú faoi dhó ar an líon gearán a fuarthas agus le méadú faoi thrí, beagnach, ar an líon fógraí faoi sháruithe a fuarthas sa tréimhse chéanna sa bhliain 2017. A bhuí leis an gcistiú méadaithe, beidh an Coimisiún in ann leanúint lena chlár earcaíochta sa bhliain 2019, áit a ndíreofar ar bhaill foirne bhreise a cheapadh i réimsí amhail imscrúdú ar ghearáin agus ar shonraí agus gnóthaí dlí. Féachfar go háirithe leis an bhfoireann teicneolaíochta a neartú ach an acmhainn agus an saineolas riachtanach a thabhairt di ionas gur féidir léi rialáil a dhéanamh ar an dóigh a n-úsáidtear sonraí pearsanta i dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, amhail Intleacht Shaorga. Earcófar thart ar 40 ball foirne sa bhliain 2019, a fhágfaidh go mbeidh thart ar 180 ball foirne san iomlán ag an gCoimisiún.

Agus í ag labhairt faoin ról atá ag an gCoimisiún mar phríomhúdarás maoirseachta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh maidir le rialáil a dhéanamh ar an mórán cuideachtaí ilnáisiúnta teicneolaíochta a bhfuil a gceanncheathrú Eorpach lonnaithe in Éirinn, dúirt an Coimisinéir go mbeadh “ríthábhacht ag baint leis an gcistiú breise maidir leis an gCoimisiún a chumasú maoirseacht éifeachtach leanúnach a dhéanamh ar na cuideachtaí sin agus imscrúduithe ar ghearáin agus ar sháruithe sonraí a bhaineann leo a chur i gcrích ar bhealach tapa agus cothrom. Mar gheall ar an bpríomhról rialála atá aige ar leibhéal an Aontais, tá an Coimisiún um Chosaint Sonraí ar thús cadhnaíochta na rialála cosanta sonraí ar leibhéal idirnáisiúnta. Mar sin, beidh ríthábhacht ag baint leis an gcistiú breise don bhliain 2019 maidir le leanúint leis an gCoimisiún a fhorbairt ina údarás maoirseachta atá gairmiúil agus éifeachtach agus a bhfuil meas idirnáisiúnta air.”

CRÍOCH

Nóta d’Eagarthóirí: Leithdháileadh cistiúcháin bliantúil an Choimisiúin um Chosaint Sonraí 2014 – 2019
2019 – €15.2 milliún
2018 – €11.7 milliún
2017 – €7.5 milliún
2016 – €4.7 milliún
2015 – €3.6 milliún
2014 – €1.9 milliún

I gcás aon cheisteanna ó na meáin, cuir glao ar Graham Doyle, Ceann Cumarsáide, ar 00353 87 9392359