Aistrithe Sonraí AE-SAM - Imeachtaí maidir le hAthbhreithniú Breithiúnach

03rd Mí na Nollag 2020

Tá imeachtaí maidir le hathbhreithniú breithiúnach Facebook in aghaidh an DPC liostaithe lena éisteacht in Ard-Chúirt na hÉireann an 15 Nollaig 2020.

Bunaíodh na himeachtaí leis an breithiúnas a chuir an CJEU i gcrích an 26 Iúil 2020 maidir le haistrithe sonraí AE-SAM. I ndiaidh an bhreithiúnais sin, chuir an DPC tús le fiosrúchán reachtúil maidir le dlíthiúlacht i ndáil le Facebook a bheith ag aistriú sonraí pearsanta a bhaineann leis na milliúin úsáideoirí AE ón AE chuig na Stáit Aontaithe.

Tá an fiosrúchán, inar tugadh Réamhdhréacht-Chinneadh an 28 Lúnasa 2020 á reáchtáil faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018, agus trí thagairt a dhéanamh d'fhorálacha iomchuí den GDPR.

Ina gcuid imeachtaí maidir le hathbhreithniú breithiúnach, tá Facebook ag iarraidh ar an gCúirt cinneadh an DPC tús a chur leis an bhfiosrúchán a chur ar neamhní; chomh maith leis sin féachann sé le Réamhdhréacht-Chinneadh a chur ar leataobh. Is é príomhghearán Facebook, nuair a cuireadh tús leis an bhfiosrúchán agus nuair a eisíodh an Réamhdhréacht-Chinneadh, nach bhfuil meas léirithe ag an DPC ar cheart Facebook ar nósanna imeachta atá cóir.

Tá na himeachtaí á gcosaint go hiomlán ag an DPC.

Ar leithligh, tá an DPC ag leanúint leis an bhfiosrúchán ar ghearán a bhaineann le haistrithe sonraí AE-SAM Facebook, mar a thíolaic Max Schrems (i bhfoirm athbhreithnithe) an 1 Nollaig 2015. Toisc go ndeineadh an gearán sular tugadh isteach an GDPR, agus i bhfianaise ceanglais a fhorchuirtear leis an reachtaíocht náisiúnta, tá an fiosrúchán sin á reáchtáil faoin "seanchóras", i.e. Treoir 95/46/EC agus na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003.

Murab ionann is an fiosrúchán atá Facebook ag déanamh agóide faoi, rud atá dírithe ar aistrithe sonraí a mbíonn tionchar acu ar na milliún a úsáideann Facebook ar fud na hEorpa, tá fiosrúchán maidir le gearán an Uasail Schrems dírithe go sonrach ar aistriú sonraí pearsanta an Uasail Schrems chuig SAM.

Thionscain an tUasal Schrems imeachtaí d'athbhreithniú breithiúnacha dá chuid féin, ar leith atá liostaithe lena n-éisteacht an 13 Eanáir 2021. Níl baint ag na himeachtaí seo le fiosrúchán an DPC maidir lena ghearán faoi na haistrithe. Ina ionad sin, i gcás seisean, a bheidh le héisteacht ag an mBreitheamh céanna a éistfidh cás Facebook, tá an tUasal Schrems ag iarraidh ar an Ard-Chúirt deireadh a chur le fiosrúchán aistrithe DPC maidir le Facebook.

Forluíonn roinnt agóidí de chuid an Uasail Schrems le hagóidí Facebook; tá cinn eile éagsúil.

Agus é ag cur a sheasamh mar ghearánaí ina cheart féin in iúl, agus mar ionadaí de facto ar ábhair sonraí Eorpacha, is é seasamh iomlán an Uasail Schrems nár cheart go mbeadh cead ag an DPC aistrithe Facebook a scrúdú trí fhiosrúchán níos leithne, dírithe ar leasanna úsáideoirí Facebook go ginearálta, agus gan éisteacht leis an Uasal Schrems. Deir sé nach mór don DPC torthaí CJEU a chur i bhfeidhm go huile agus go hiomlán trína fhiosrúchán ar a ghearán.

Le meas, ní aontaíonn an DPC leis an Uasal Schrems agus beidh an DPC ag déanamh cosanta ar imeachtaí an Uasail Schrems.

Tá Facebook ceangailte le athbhreithniú breithiúnach an Uasail Schrems, le comhaontú an Uasail Schrems; ar an dóigh céanna is amhlaidh go bhfuil an tUasal Schrems ceangailte le hathbhreithniú breithiúnach Facebook, le comhaontú Facebook.   

Le horduithe ón gCúirt ar iarratas Facebook agus an Uasail Schrems, tá an DPC coiscthe ar aon bhearta eile a dhéanamh le cur i bhfeidhm torthaí de chuid bhreithiúnais an CJEU a chur chun cinn go dtí go mbeidh toradh ar na himeachtaí athbhreithniú breithiúnach.