Tuarascáil ar iniúchadh cosanta sonraí ar pháirtithe polaitíochta in Éirinn foilsithe ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí

20th Mí na Nollag 2021

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) Tuarascáil dar teideal “Iniúchadh Cosanta Sonraí ar Pháirtithe Polaitíochta in Éirinn” inniu. Cuireadh an tuarascáil i dtoll a chéile i ndiaidh iniúchtaí cosanta sonraí a rinne an Coimisiún um Chosaint Sonraí i mbliana ar shé pháirtí polaitíochta cláraithe is fiche in Éirinn.

Cúlra

In Aibreán na bliana 2021 foilsíodh tuarascálacha sna meáin maidir le líomhain i gcoinne an pháirtí polaitíochta, Sinn Féin, gur stóráil sé faisnéis phearsanta na milliún vótálaithe ar bhunachar sonraí inmheánach páirtí. I Meitheamh na bliana 2021 foilsíodh tuilleadh alt sna meáin maidir le baill roinnt páirtithe polaitíochta a líomhnaíodh gur lig siad orthu féin gur taighdeoirí margaidh a bhí iontu agus iad i mbun pobalbhreith pholaitiúil. De bharr an tsuim a mhúscail na tuarascálacha seo sna meáin sa phobal shocraigh an DPC iniúchadh cosanta sonraí a dhéanamh ar gach páirtí polaitíochta in Éirinn maidir leis an bpróiseáil a dhéanann siad ar shonraí pearsanta na dtoghthóirí.

Cuspóir na Tuarascála

Tá sé thuarascáil is fiche ar leith curtha i dtoll a chéile ag an DPC agus cuireadh an tuarascáil iniúchta a bhaineann leis an bpáirtí faoi seach ar fáil do gach aon pháirtí. Ag baint leas as ábhar na sé thuarascáil iniúchta is fiche sin, tá sé socraithe ag an DPC, i bhfianaise shuim an phobail sna hábhair a tarraingíodh aird orthu i dtuairiscí na meán in Aibreán agus i Meitheamh na bliana seo caite, gur fóirsteanach atá sé an tuarascáil iniúchta iomlán seo a chur i dtoll a chéile agus a fhoilsiú d’fhonn béim a leagan ar phríomhthorthaí iniúchadh cosanta sonraí an DPC agus chun breac-chuntas a thabhairt ar na príomh-mholtaí atá déanta ag an DPC do na páirtithe polaitíochta atá i gceist. Tugtar cumhachtaí reachtúla don DPC faoi Alt 149(4) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018 iniúchtaí a dhéantar a fhoilsiú.

Saincheisteanna a Iniúchadh

Rinneadh na saincheisteanna seo a leanas a scrúdú in iniúchtaí an DPC ar pháirtithe polaitíochta:

  • Ainmniú oifigigh cosanta sonraí
  • Úsáid Chlár na dToghthóirí agus Chláir Mharcáilte Toghthóirí
  • Bunachair shonraí de bhallraíocht /shaorálaithe an pháirtí
  • Bunachair shonraí de na toghthóirí/vótálaithe
  • Measúnachtaí Tionchair Cosanta Sonraí
  • Taighde Margaidh/Pobalbhreitheanna

Na Chéad Chéimeanna Eile

Tá os cionn ochtó moladh déanta ag an DPC do pháirtithe polaitíochta agus leagtar síos teorainneacha ama ar leith i gcuid de na moltaí sin maidir lena gcur chun feidhme. Leanfaidh an DPC dá theagmháil leis na páirtithe polaitíochta atá i gceist sna cúpla mí amach romhainn chun a chinntiú go gcuirtear na moltaí i bhfeidhm go hiomlán in am.

PDF d’Iniúchadh Cosanta Sonraí ar Pháirtithe Polaitíochta in Éirinn (as Béarla)

 

Chun tuilleadh eolais a fháil, tá achoimre ghearr ar fáil thíos de na príomhphointí atá sa Tuarascáil:

Ainmniú Oifigigh Cosanta Sonraí

Tá de cheanglas ar rialaitheoirí sonraí oifigeach cosanta sonraí a ainmniú a mbaineann a bpríomhghníomhaíochtaí le catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil ar scála mór, amhail sonraí a nochtann tuairimí polaitiúla.

Le linn na n-iniúchtaí, bhreithnigh an DPC a oiread agus a phróiseálann, ar scála mór, páirtithe polaitíochta sonraí pearsanta a nochtann tuairimí polaitiúla. Ós rud é nach leagtar amach figiúr sa reachtaíocht cosanta sonraí chun an téarma ‘ar scála mór’ a mheas maidir le próiseáil sonraí dá leithéid, tá cinneadh déanta ag an DPC treoir a thabhairt maidir leis an bpointe ag ar cheart an figiúr sin a shocrú, ag baint leas as an eolas a fuarthas ó pháirtithe polaitíochta le linn na n-iniúchtaí.

Tá sé socraithe ag an DPC gur ionann an tairseach chuí nár mhór a shásamh le go bhféadfaí páirtí polaitíochta a mheas chun sonraí pearsanta a nochtann tuairimí polaitiúla a phróiseáil ar scála mór agus 30,000 taifead de chuid ábhar sonraí.

Ag eascairt as an treoir sin agus bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir páirtithe polaitíochta ar fáil don DPC, fágann sin go n-éilítear ar dhá pháirtí polaitíochta, is iad sin Fianna Fáil agus Sinn Féin, oifigigh cosanta sonraí a ainmniú. Tá sin déanta ag an dá pháirtí.

Ní éilítear ar na páirtithe polaitíochta eile oifigigh cosanta sonraí a ainmniú fad a fhanann leibhéal na próiseála sonraí a nochtann tuairimí polaitiúla faoi bhun na tairsí ach is féidir leo oifigeach cosanta sonraí a ainmniú ar bhonn deonach más mian leo.

Moltaí

Fuarthas sna hiniúchtaí go dtarlaíonn an leibhéal is mó próiseála a dhéanann páirtithe polaitíochta i ndáil le sonraí pearsanta baill agus saorálaithe páirtí ó tharla go gcoinníonn agus go bpróiseálann páirtithe taifid bhallraíochta nó saorálaithe. Dá réir, bhain an chuid is mó de na moltaí a rinneadh sna tuarascálacha iniúchta le próiseáil na dtaifead sin.

Cé nach raibh sé coitianta ar fud gach páirtí, tarraingíodh roinnt aird sna hiniúchtaí ar shonraí ó Chlár na dToghthóirí agus ó Clár Mharcáilte Toghthóirí a úsáid maidir leis an ngá atá ann ceanglais trédhearcachta a chomhlíonadh trí pholasaithe príobháideachais a nuashonrú chun an ghníomhaíocht próiseála sonraí seo a ghlacadh san áireamh chomh maith leis an ngá atá ann tréimhsí coinneála sonraí a shocrú chun ceanglas an phrionsabail maidir le teorannú stórála a chomhlíonadh. 

Pléitear bunachar sonraí Shinn Féin, Abú, agus sin amháin i gCaibidil a Ceathair den tuarascáil, ós rud é gurb é Sinn Féin an t-aon pháirtí polaitíochta a choinníonn bunachar sonraí ina gcuimsítear sonraí na dtoghthóirí/vótálaithe ó gach páirtí ar fud an Stáit sin. Breithníodh go mion san iniúchadh ar Shinn Féin an bunús dlí a bhaineann leis an mbunachar sonraí Abú agus fuarthas nach raibh gá moltaí a dhéanamh ina leith sin. Bhain ceann de na príomhábhair imní maidir le cosaint sonraí a tháinig chun cinn, áfach, le trédhearcacht agus rinneadh moladh go háirithe maidir le haird a tharraingt ar gur ann don bhunachar sonraí Abú trí bhíthin litríocht stocaireachta agus toghchánaíochta.

Taighde Margaidh/Pobalbhreitheanna

Fuarthas nach raibh ann ach seacht bpáirtí polaitíochta a thug faoi thaighde margaidh nó pobalbhreitheanna trína mbaill, tacadóirí nó gníomhaithe féin a úsáid. Bhí an DPC sásta ó thorthaí na n-iniúchtaí sin nár phróiseáil na páirtithe polaitíochta atá i gceist aon sonraí pearsanta le linn na ngníomhaíochtaí sin, agus ar an mbonn sin, níor tháinig aon imní cosanta sonraí chun cinn lena mbreithniú a thuilleadh ag an DPC.

I gcás an seachtú páirtí, Aontú, rinne an DPC moladh amháin mar atá leagtha amach sa tuarascáil i ndiaidh don pháirtí tabhairt faoi shuirbhé ar bhealach follasach lenar bhain sonraí pearsanta na rannpháirtithe a phróiseáil.