Ráiteas ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí maidir le Facebook View (spéaclaí)

17th Mí Meán Fomhair 2021

Thug Facebook Ireland táirge nua teicneolaíochta inchaite – Facebook View – isteach i gcomhar le spéaclaí Ray-Ban in Éirinn agus san Iodáil an tseachtain seo. Trí úsáid a bhaint as rialtáin guthbheoite, ligeann sé do chaiteoir na spéaclaí físeáin ghearra a thaifead agus grianghraif a thógáil le póstáil ar na meáin sóisialta.

Tá imní ar DPC na hÉireann agus an Maoirseoir Iodálach um Chosaint Sonraí, an Garante, araon faoi na bealaí ina féidir leo siúd atá le feiceáil sna físeáin agus sna grianghraif fógra a fháil go bhfuil taifeadadh á dhéanamh dóibh. Cé go nglactar leis gur féidir le go leor gléasanna, fóin cliste san áireamh, taifeadadh a dhéanamh ar dhaoine aonair tríú páirtí, go hiondúil bíonn se le feiceáil gurb é an ceamara nó an fón atá ag taifeadadh, agus mar sin tugtar foláireamh dóibh siúd atá sna taifeadtaí. Leis na spéaclaí, tá solas an-bheag táscaire a lasann nuair atá an taifeadadh ar siúl. Níor léiríodh don DPC agus do Garante go ndearna Facebook nó Ray-Ban tástáil chuimsitheach le cinntiú gur bealach éifeachtach é an solas táscaire LED chun fógra a thabairt. Dá réir sin, tá an DPC agus Garante ag iarraidh ar Facebook Ireland dearbhú agus léiriú go bhfuil an solas táscaire LED éifeachtach dá chuspóir agus feachtas eolais a reáchtáil ionas go gcuirfí an pobal ar an airdeall faoi conas a bhféadfadh an táirge tomhaltais seo bheith ina chúis ar a n-íomhánna a thaifeadadh i mbealach nach bhfuil chomh soiléir céanna.